Skip to main content

Tá tú anseo:  

Cad a dhéanaimid

Déileálaimid le gearáin a dhéanann leanaí nó a dhéantar thar ceann leanaí faoi ghníomhartha eagraíochtaí poiblí agus cuirimid cearta agus leas leanaí in Éirinn chun cinn.

Is oifig idirnáisiúnta Oifig an Ombudsman do Leanaí. Tá dhá phríomhról againn: déileáil le gearráin atá déanta ag nó thar cheann leanaí agus daoine óga maidir le gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí poiblí, agus cearta is cúram leanaí agus daoine óga fé bhun 18 bliain d’aois in Éirinn a chur chun cinn.

Is í an chaoi a gcuirimid cearta agus cúram an linbh chun cinn ná fáil amach cad iad na rudaí atá déanamh tinnis do leanaí agus do dhaoine óga agus a gcuid tuairimí a tharraingt anuas le daoine a dhéanann bearta is cúram leo. Tugtar cúnamh do dhaoine, don aos óg ach go háirithe, tuilleadh eolais a fháil ar chearta an linbh agus conas is féidir meas a léiriú ar na cearta sin agus iad a dhéanamh go fíor. Tugaimid comhairle ar an Rialtas agus ar dhaoine eile a gcion a dhéanamh chun é a chinntiú go bhfuil a gcuid dlíthe agus pleananna ag urramú cearta an linbh. Spreagtar eagraíochtaí poiblí cearta an linbh a chur chun cinn san obair atá ar siúl acu.

Bíonn taighde ar siúl againn freisin chun tuiscint níos fearr a fháil ar cheisteanna a bhaineann leis an aos óg.