Skip to main content

Tá tú anseo:  

Plean Straitéiseach OCO

Agus eagraíochtaí poiblí á dtabhairt chun cuntais againn, bainfimid úsáid as na cumhachtaí atá againn de réir an dlí agus bainfimid leas as meicníochtaí an AE agus na NA de réir mar is cuí.

Plean Straitéiseach Trí Bliana 2022-2024

Leagtar amach leis an bplean seo ár bpríomhspriocanna agus na príomhréimsí gníomhaíochta a thabharfaimid faoi d’fhonn iad a bhaint amach.

Sprioc 1

Ceart Gach Páiste ar an gCaighdeán Meabhairshláinte Is Airde Ar Féidir a Bhaint Amach

Gníomhartha

1.1 Tabhairt faoi mholtaí de chuid an OCO atá fós le réiteach sa réimse seo agus a iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm bearta a théann i ngleic leis na bearnaí atá ann fós i soláthar seirbhísí meabhairshláinte do pháistí agus atá ag cur isteach go mór orthu.

1.2 Tionchar a imirt ar an reachtaíocht mheabhairshláinte a dhréachtófar go luath, agus reachtaíocht ábhartha eile, trí dul i mbun cainte leis an Rialtas, an Oireachtas, an Roinn Sláinte agus le páirtithe leasmhara eile, ionas go gcosnaítear cearta leanaí go cuí faoin dlí.

1.3 Agus leas á bhaint as an eolas atá faighte againn ónár gcuid oibre, sainaithneoidh an OCO tosaíochtaí agus leanfaidh sé ar aghaidh ag tacú le soláthar méadaithe tacaíochtaí meabhairshláinte, lena n-áirítear seirbhísí teiripeacha i scoileanna agus i dtimpeallachtaí oideachais eile.

Sprioc 2

Gach a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh le cinntiú go bhfeictear, go n-éistear le agus go gcuirtear san áireamh páistí faoi mhíchumas in Éirinn. An Rialtas agus Gníomhaireachtaí Stáit a thabhairt chun cuntais maidir le gealltanais na hÉireann, lena n-áirítear na gealltanais a tugadh faoin CNACL agus UNCRPD

Gníomhartha

2.1 Bearta a aimsiú go córasach agus aird a tharraingt orthu le go mbeadh a fhios ag an bpobal cad atá de dhíth le go mbeadh teacht ag páistí faoi mhíchumas ar oideachas agus go mbeidís ábalta páirt a ghlacadh ann ar bhonn cothrom le páistí eile.

2.2 Taighde a dhéanamh faoin réasúnaíocht agus faoin mbonn fianaise a léiríonn an tairbhe a bhaineann le pleanáil saoil agus buiséid phearsantaithe a dhéanamh i dtreo is go sainaithnítear agus go soláthrófar na hacmhainní atá de dhíth d’fhonn tacú le gach céim d’fhorbairt linbh faoi mhíchumas.

2.3 Na tionchair dhiúltacha a bhaineann le moilleanna ar mheasúnaithe agus ar sheirbhísí agus acmhainní a fháil do pháistí atá faoi míchumas a shainmhíniú agus a léiriú.

Sprioc 3

Sainchúram reachtúil an OCO a úsáid chun tionchar a imirt ar an gcóras oideachas amach anseo – córas oideachais nuálaíoch agus leanbh-lárnach a chuireann folláine chun cinn, agus atá inrochtana do chách agus a chabhraíonn le gach páiste barr a gcumais a bhaint amach

Gníomhartha

3.1 Labhairt amach ar son cearta páistí a mheas go pras agus go cuí nuair is cinntí a rachaidh i bhfeidhm ar a gcuid oideachais le linn na paindéime COVID-19 agus i ndiaidh atá i gceist.

3.2 Gníomhú chun tionchar a imirt ar bheartais éifeachtacha a chur i gcrích chun dul i ngleic le bulaíocht i ngach scoil.

3.3 Athruithe sa reachtaíocht a aithint agus tabhairt fúthu le gur féidir a chinntiú go gcloífear leis an gceart atá ag gach páiste ar oideachas chomh maith leis na cearta atá acu ar dul isteach sa chóras oideachais dóibh.

3.4 A bheith i bhfách le cur chuige leanbh-lárnach maidir le forbairtí san oideachas agus go háirithe forbairtí a bhaineann leis an tSraith Shinsearach agus le próiseas na hArdteistiméireachta.

Sprioc 4

Seasamh agus tionchar an OCO a neartú mar ghuth údarásach chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cearta páistí in Éirinn a fhíorú

Gníomhartha

4.1 Cur le tuiscint an phobail ar chearta páistí agus an ról atá ag OCO i measc chroí-luchtanna féachana agus teacht ar bhealaí nua chun caidreamh a chothú lenár bpáirtithe leasmhara.

4.2 Trí leas a bhaint as ár neamhspleáchas agus ár gcumhachtaí reachtúla, deimhin a dhéanamh de go dtugtar eagraíochtaí poiblí chun cuntais as gníomhartha/cinntí tuairiscithe a gcuireann isteach ar chearta páistí.

4.3 A chinntiú go dtabharfar faoi thionscnaimh straitéiseacha ábhartha a bhaineann le cearta leanaí a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear cearta leanaí leochaileacha i gcaitheamh na straitéise reatha seo.

4.4. Uasdátú a dhéanamh ar na gealltanais inár gCairt Custaiméirí agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht léi.

4.5 Cuir chuige oiriúnacha a fhiosrú agus glacadh leo ar mhaithe le cuíchóiriú a dhéanamh ar ghlaonna/ar fhiosrúcháin ghréasáin le cinntiú go n-úsáidtear acmhainní ábhartha OCO ar bhealach chomh tíosach is chomh éifeachtach agus is féidir.

Sprioc 5

Leanúint orainn maidir le seifteanna a chruthú agus glacadh leo d’fhonn cur le héifeachtúlacht na bpróiseas le go bhfeabhsódh ár ngníomhachtaí laethúla i ngach aonad dár n-Oifige

Gníomhartha

5.1 Athbhreithniú a dhéanamh ar chórais/theicneolaíochtaí d’fhonn glacadh le réitigh a fheabhsóidh oibríochtaí OCO agus a chuirfidh lena héifeachtúlacht.

5.2 A thabhairt chun críche athbhreithniú ar ár gcuir chuige maidir le bailiú agus le húsáid sonraí lena chinntiú go bhfuil an leas is fearr á mbaint againn as na sonraí céanna.

5.3 Leanúint orainn ó thaobh cur le tionchar ár n-idirghabhálacha trí feabhas a chur ar na próisis lena ndéanaimid rianú agus monatóireacht ar chur i bhfeidhm gníomhartha tar éis dul i mbun plé le gníomhaireachtaí ábhartha maidir lena ndualgais.

5.4 Nuashonrú a dhéanamh ar na gealltanais inár gCairt Custaiméirí agus súil amuigh againn i gcónaí go gcomhlíonfar iad.

5.5 Cuir chuige oiriúnacha a fhiosrú agus glacadh leo ar mhaithe le cuíchóiriú a dhéanamh ar ghlaonna/ar fhiosrúcháin ghréasáin le cinntiú go n-úsáidtear acmhainní ábhartha OCO ar bhealach chomh tíosach is chomh éifeachtach agus is féidir.

Sprioc 6

Ár gcultúr a fhorbairt ar mhaithe le tacú le baill foirne laistigh de thimpeallacht foghlama dearfach agus forásach chomh maith le leanúint orainn ó thaobh dea-chleachtais a léiriú maidir lenár ndualgais rialachais a chomhlíonadh

Gníomhartha

6.1 Tabhairt faoi athbhreithniú ar chultúr na láithreach oibre san OCO, le fáil amach cad iad na gnéithe gur féidir a fheabhsú agus straitéis HR tacaíochta a fhorbairt a léiríonn an t-athrú tagtha ar an timpeallacht oibre iar-COVID agus na riachtanais atá ag foireann leathnaithe OCO.

6.2 Córas saincheaptha bainistíochta eolais a thabhairt isteach agus na prótacail a ghabhann leis chun ár gcumas cuimhne mar institiúid a fhorbairt, chomh maith le cáilíocht sonraí/faisnéise a fheabhsú agus na héifeachtúlachtaí a bhaineann leis a chur i gcrích.

6.3 Ár gcumarsáid inmheánach a neartú, chomh maith le hoibriú idir-aonad agus socruithe maidir le heolas a roinnt, d’fhonn barr feabhais a chur ar chomhoibriú ár mball foirne agus d’fhonn nuálaíocht a chur chun cinn laistigh agus idir an fhoireann.

6.4 Grúpa oibre inmheánach a bhunú chun tionscnaimh a chur chun cinn a thacaíonn le comhionannas, éagsúlacht agus comhtháthú ar fud na hOifige de réir ár nDualgas Earnála Poiblí.

6.5 A chinntiú go gcomhlíonann an OCO na caighdeáin is airde maidir le seirbhísí corparáide agus a oibleagáidí rialachais.

 

Féach níos mó sonraí maidir lenár bPlean Straitéiseach anseo.