Skip to main content

Tá tú anseo:  

Plean Straitéiseach OOL

Chun eagraíochtaí poiblí a choimeád cuntasach bainfidh muid úsáid as na cumhachtaí ata againn de réir dlí agus as córais an EU agus an UN de réir mar is cuí.

Plean Straitéiseach 3 bliain 2016 – 2018

Achoimríonn an plean na trí príomhchuspóirí atá againn, agus na réimse gníomhaíochtaí a leanfaidh muid chun iad a bhaint amach.

Cuspóir 1

Cuirfidh muid chun cinn eolas ar chearta leanaí agus daoine óga, in éineacht le heolas ar an UNCRC agus ról an OOL.

Gníomhaíochtaí

1.1 Forbróidh muid tionscnaimh chun eolas a chuir chun cinn i measc eagraíochtaí phoiblí, baill den phobail, agus leanaí agus daoine óga ar ról an OOL, ar chearta leanaí agus ar cheisteanna a bhfuil leanaí agus daoine óga imníoch fúthu.

1.2 Ullmhóidh muid agus foilseoidh muid seisiún eolais ar ceisteanna ata ag cuir as do leanaí agus daoine óga, chun cearta leanaí agus daoine óga a fhorbairt, agus chun tacaíocht a thabhairt maidir le foghlaim agus dea-chleachtas na n-eagraíochtaí poiblí.

1.3 Imeascfaidh muid measúnacht tionchar chearta leanaí isteach in ár bhfoilseacháin, nuair is oiriúnach iad, d’fhonn tuiscint a neartú sna heagraíochtaí poiblí ar thábhacht measa agus forleathnú chearta leanaí.

Cuspóir 2

Oibríodh muid chun acmhainní a fhorbairt ins na heagraíochtaí poiblí a bhfuil tionchar ar a gcuid oibre ar leanaí agus daoine óga agus modh chleachtais bunaithe ar chearta a chuir I bhfeidhm.

Gníomhaíochtaí

2.1 Tabharfaidh muid tacaíocht do dea-chleachtas maidir le bheith ag plé le gearáin atá ag cuir as do daoine óga, ag tosú le soláthraithe oideachais.

2.2 Oibríodh muid acmhainní a fhorbairt ins na heagraíochtaí poiblí chun polasaithe, nósanna imeachta atá seasmhach maidir le riarachán poiblí atá cairdiúil do leanaí a chuir i bhfeidhm.

2.3 Oibreoidh muid i gcuideachta daoine eile, chun leanaí agus daoine óga a threorú maidir le rannpháirtíocht slán, éifeachtach sna meáin shóisialta agus na meáin dhigiteacha a bhaint amach.

Cuspóir 3

Cothóidh muid athrú dearfach do leanaí agus daoine óga in Éirinn.

Gníomhaíochtaí

3.1 Pléifidh muid leis an Rialtas na fiúntais atá ag baint le reachtaíocht nua a thabhairt isteach a thabharfaí céad leithscéalta d’eagraíochtaí poiblí, agus, dá bharr, réiteach na ngearán déanta ag nó ar son leanaí agus daoine óga a bhaint amach go luath.

3.2. Leanfaidh muid ar aghaidh le haitheantas chearta ghrúpaí leochaileacha leanaí agus daoine óga, go háirithe leanaí faoi míchumais, leanaí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu agus leanaí gan dídean.

3.3 Cuirfidh muid ina luí ar an Rialtas cé chomh tábhachtach is atá sé seirbhísí um chosaint leanaí atá éifeachta agus láidir a bheith ar fáil do gach leanbh.

Tuilleadh sonraí d’ár Plean Straitéiseach anseo.