Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht le Comhchoiste an Oireachtais um Oideachas agus Eolaíocht maidir le hIompar Scoile

Ullmhaíodh an tuarascáil seo mar fhreagairt don chuireadh a thug Comhchoiste an Oireachtais um Oideachas agus Eolaíocht maidir le hIompar Scoile d’aighneachtaí maidir le saincheist teorainneacha scoilcheantar iompair scoile.

Saincheist atá ina hábhar buartha i measc an iomaí teaghlach ar fud na tíre is ea iompar scoile a sholáthar. Saincheist í lena mbaineann tábhacht ar leith do leanaí agus teaghlaigh i gceantair thuaithe, áit a dteastaíonn iompar scoile, in go leor cásanna, ó leanaí chun a gceart chun oideachais a fheidhmiú.

Cuirtear sa pháipéar seo na buarthaí a bhí ag gearánaithe in iúl don OOL. Tugadh chun solais saincheisteanna a bhaineann go díreach le teorainneacha scoilcheantair agus saincheisteanna eile a bhaineann níos ginearálta le hiompar scoile.