Skip to main content

Tá tú anseo:

Cúram Sláinte a Thacaíonn le Leanaí

Ó 2006 ar aghaidh, thit roinnt forbairtí suntasacha beartais phoiblí amach a bhaineann le cúram sláinte leanaí in Éirinn. D’ainneoin na bhforbairtí siúd, ní ann do bhonn reachtúil ná beartas náisiúnta go fóill atá tiomnaithe do chúram sláinte leanaí in Éirinn.

Faoi mar a thugann an taighde reatha seo a choimisiúnaigh m’Oifig chun solais, tá a leithéid de chreat beartais agus reachtaíochta ag teastáil mar gheall go bhféadfadh sé forbairt agus soláthar seirbhísí cúram sláinte a threorú go háisiúil do leanaí amach anseo agus faisnéis a sholáthar do phróiseas chun cultúr measa a phríomhshruthú do chearta leanaí i suíomhanna cúram sláinte. Thug an tOllamh Ursula Kilkelly agus an tOllamh Eileen Savage i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh faoin taighde seo a bhfuil de phríomhchuspóir aige a shainaithint conas is féidir ‘cúram sláinte a thacaíonn le leanaí’ a chothú i suíomhanna cúram sláinte agus i measc suíomhanna cúram sláinte ar a bhfreastalaíonn leanaí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois a chónaíonn in Éirinn.