Skip to main content

Tá tú anseo:  

Gearáin

Má cheapann tú go bhfuil tionchar diúltach ag gníomhaíochtaí comhlachta poiblí nó eagraíochta ar leanbh nó leanaí, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn agus gearán a dhéanamh.

Cé atá in ann gearán a dhéanamh?

Is féidir le duine ar bith faoi 18 mbliana d'aois gearán a dhéanamh linn. Glacaimid gearáin ó dhaoine fásta thar ceann leanaí chomh maith. Tagann an chuid is mó dár ngearán ó thuismitheoirí déanann daoine a bhíonn ag obair le páistí teagmháil linn freisin thar ceann leanaí ar nós foireann chúraim chónaithe, oibrithe sóisialta, múinteoirí agus daoine eile.

Aon uair a bhfuil imní ort, is í an chéad chéim ar cheart a ghlacadh ná labhairt leis an tseirbhís lena mbaineann. Labhair leis an duine a raibh tú ag déileáil leis nó léi nó déan iarratas chun an bainisteoir a fheiceáil. Coinnigh nóta de na dátaí, an té ar labhair tú leis nó léi agus cad a deir siad a tharlóidh ina dhiaidh sin.

Mura bhfuil tú sásta ina dhiaidh sin, is í an chéad chéim eile ná gearán foirmiúil a dhéanamh leis an eagraíocht. Is fearr é sin a dhéanamh i scríbhinn ionas gur féidir leat taifead a choimeád. Déan cinnte go luafaidh tú go bhfuil tú ag scríobh faoin nós imeachta gearán. Bíodh do mhíniú ar an méid a tharla chomh gearr agus chomh soiléir agus is féidir. Dírigh ar na príomhcheisteanna agus fág amach sonraí nach mbaineann le hábhar. Bheadh sé cabhrach duit cur síos a dhéanamh ar an toradh atá uait. Mar shampla, d'fhéadfadh sé gur leithscéal nó míniú ar an méid a tharla a bheadh ann. Glacann sé tamall gearáin a shórtáil agus bheadh sé úsáideach cóipeanna de litreacha a scríobhann tú a choinneáil ionas gur féidir leat cuimhneamh orthu níos déanaí.

Tá sé tábhachtach go mbeadh deis ag an tseirbhís a bhfuil tú ag gearán fúithi rudaí a chur i gceart sula ndéanann tú teagmháil linn. Is é an taithí atá againn ná go ndéileáiltear le gearáin go háitiúil agus go tapa. Tugtar réiteach áitiúil ar seo agus is rud é a molaimid. Mura bhfuil tú sásta go fóill áfach, seans go bhfuil sé in am teagmháil a dhéanamh linn.

Leagtar amach san Acht um Ombudsman do Leanaí 2002 an creat maidir lenár gcuid oibre i leith gearán. Faoin dlí seo, soláthraímid seirbhís gearán saor in aisce agus neamhchlaonta. Is é an ról atá againn ná feiceáil an raibh drochthionchar ag gníomhartha riaracháin chomhlachta phoiblí ar leanbh nó ar leanaí. I bhfocail eile, tá sé mar aidhm againn a fheiceáil cibé an bhfuil riarachán comhlacht poiblí éifeachtach nó an bhfuil drochriarachán i ndiaidh tarlú. Ní dhéantar drochriarachán a shainiú inár reachtaíocht ach ciallaíonn sé go bunúsach nuair a théann rudaí mícheart.

Is é an chéad rud a dhéanaimid nuair a fhaighimid gearán ná féachaint an féidir linn breathnú air. Déanaimid athbhreithniú ar an eolas arna sholáthar le fáil amach an bhfuil an tsaincheist nó an gearán laistigh dár sainchúram. Leasaíodh an tAcht um Ombudsman do Leanaí 2002 in 2012 agus tháinig breis is 180 soláthróir seirbhíse poiblí breise faoinár sainchúram. Ceadaítear leis an reachtaíocht cur síos ginearálta ar na cineálacha 'gníomhaireachtaí in-athbhreithnithe' a thagann faoinár sainchúram. Tá liosta de sholáthraithe seirbhíse poiblí ar féidir linn imscrúdú a dhéanamh orthu anseo. Níl an liosta sin uileghabhálach agus b'fhéidir go mbeimid in ann féachaint ar ghearán faoi sholáthraí seirbhíse eile má tá sé maoinithe ag an stát.

Tá a fhios againn go bhfuil próisis ghearáin in ann mearbhall a chur ar dhaoine. Dá bhrí sin, is gné thábhachtach dár gcuid oibre é eolas a thabhairt do dhaoine maidir leis an ngníomhaireacht cheart chun déileáil lena ngearán agus déanaimid iarracht amhlaidh a dhéanamh chomh tapa agus is féidir.

Uaireanta tagann gearáin chugainn ró-luath agus molaimid do gearánaithe dul ar ais chuig an gcomhlacht poiblí ionas gur féidir leo an próiseas gearán áitiúil a chomhlánú agus an tsaincheist a réiteach más féidir. Tugtar réiteach áitiúil ar seo agus tugann sé deis don chomhlacht poiblí rudaí a shocrú ionas nach mbeidh orainn a bheith páirteach a thuilleadh sa scéal.

Tá trí chéim inár bpróiseas gearán agus imscrúdaithe:

  1. Réamhscrúdú
  2. Moladh go ndéanfaí imscrúdú
  3. Imscrúdú

1. Réamhscrúdú

Bailímid faisnéis ón ngearánach agus ón gcomhlacht poiblí chun cabhrú linn tuiscint níos fearr a fháil ar an ngearán. Déanaimid athbhreithniú ar an eolas arna sholáthar agus déanaimid cinneadh cibé an féidir an tsaincheist a réiteach nó an gá dúinn féachaint níos doimhne ar an ngearán. Ag teacht leis an gcleachtas is fearr, déantar an chuid is mó dár ngearán a réiteach ag an gcéim seo. Nuair nach féidir é seo a dhéanamh, áfach, nó nuair nach bhfuilimid sásta le freagairt an chomhlachta phoiblí, téimid ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

2. Moladh go ndéanfaí imscrúdú

Scríobhaimid chuig an gcomhlacht poiblí agus cuirimid in iúl dóibh go bhfuilimid buartha fós go bhféadfadh nasc a bheith idir a gcuid gníomhaíochtaí riaracháin agus drochthionchar ar leanbh. Dréachtaímid téarmaí tagartha agus cuirimid in iúl don chomhlacht poiblí na réimsí féideartha le haghaidh imscrúdaithe. Fanaimid i dteagmháil le gearánaithe tríd an bpróiseas seo.

3. Imscrúdú

Is í seo an chéim dheireanach inár bpróiseas gearán. Iarraimid ar an gcomhlacht poiblí comhaid agus doiciméad a sholáthar. Deirtear go bhfuil ár modh oibre fiosrúchánach; bhailímid an oiread eolais is a theastaíonn uainn chun an gearán a thuiscint. Déanaimid athbhreithniú ar eolas agus cuirimid agallamh ar dhaoine ábhartha lena n-áirítear tuismitheoirí agus leanaí mar is cuí.

Nuair atá anailís déanta againn ar an eolas, scríobhaimid tuairisc imscrúdaithe ina leagtar amach ár dtuairim maidir le cibé an raibh drochthionchar ag gníomhartha nó neamhghníomhaíochtaí an chomhlachta nó na gcomhlachtaí poiblí ar an leanbh nó nach raibh.

Má chreidimid go raibh nasc idir gníomhartha an chomhlachta phoiblí agus an drochthionchar ar an leanbh nó ar na leanaí, déanaimid moltaí ionas gur féidir leis an gcomhlacht poiblí rudaí a shocrú nó rudaí a chur i gceart.

Is é an bealach is éasca le gearán a dhéanamh ná an fhoirm ghearáin a chomhlánú ar líne. Tá an fhoirm deartha againn ionas go gclúdaíonn sé an fhaisnéis a theastaíonn uainn. Mar shampla, ní mór dúinn fios a bheith againn cén seirbhís nó eagraíocht lena mbaineann an gearán agus an tionchar a bhí ag an méid a tharla ar an leanbh nó ar na leanaí lena mbaineann. Tugann an fhoirm ghearáin leid mhaith dúinn maidir leis an ngearán atá agat agus má theastaíonn tuilleadh eolais uainn, iarrfaimid é.

Is féidir leat cóip den fhoirm ghearáin a phriontáil agus é a sheoladh chugainn ag Oifig an Ombudsman um Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid na Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1.

Má theastaíonn uait labhairt le duine dár n-oibrithe cásanna, is féidir leat glaoch ar ár Saorghlao 1800 20 20 40 agus rachaidh siad tríd an bhfoirm leat nó seolfaidh siad ceann chugat.