Skip to main content

Tá tú anseo:  

Ba mhaith liom gearán a dhéanamh

Féadfaidh duine ar bith faoi aois 18 gearán a dhéanamh linn.

Déanaimid gearáin a fhiosrú faoi sheirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil do leanaí, ar nós scoileanna nó ospidéal. Déanaimid measúnú ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil an bealach a caitheadh le leanbh cothrom agus ar aon dul leis na rialacha atá i bhfeidhm.

Nuair a bhíonn buairt ort, is é an chéad chéim chun labhairt leis an tseirbhís nach bhfuil tú sásta léi féachaint an féidir leo an fhadhb a cheartú láithreach bonn. Cinntigh go gcoimeádann tú taifead ar gach ceann de na ríomhphoist agus na comhráite ar an nguthán a bhíonn agat.

Má dhéanann tú gearán leis an tseirbhís agus mura bhfuil tú sásta leis an méid a deir siad, féadfaidh tú dul i gcomhairle linn ag an OOL. Cuirimid seirbhís saor in aisce agus neamhchlaonta ar fáil. Ciallaíonn seo nach bhfuilimid claonta leat, ná leis an tseirbhís a bhfuil gearán á dhéanamh agat fúthu. Is mian linn a dheimhniú cad a tharla agus conas is féidir é a chur ina cheart.

Is é an bealach is éasca chun gearán a dhéanamh ár bhfoirm ghearáin ar líne a chomhlánú.

Féadfaidh tú cóip a phriontáil den fhoirm ghearáin agus í a sheoladh sa phost chugainn chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid na Trá Mhór, Baile Átha Cliath 1.

Más mian leat labhairt le duine dár n-oibrithe cásanna leithleacha, féadfaidh tú glao orainn ar ár n-uimhir Saorghlao 1800 20 20 40 agus rachaidh siad tríd an bhfoirm leat nó seolfaidh siad ceann chugat.