Skip to main content

You are here:

Official Languages Act 2003 / Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003

AIGHNEACHTAÍ Á LORG

ACHT NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

DRÉACHTSCÉIM Á hULLMHÚ AG OIFIG AN OMBUDSMAN DO LEANAÍ

Tá sé i gceist ag Oifig an Omudsman do Leanaí scéim a dhréachtú de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bunchuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeidh siad ar chaighdeán níos airde. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime á lorg ag Oifig and Ombudsman do Leanaí ó aon pháirtithe leasmhara.

Cuirtear fáilte roimh smaointe agus aighneachtaí ar conas is féidir le hOifig an Ombudsman do Leanaí seirbhís níos fearr a sholáthar i nGaeilge ó leanaí, daoine óga agus daoine fásta. Féadtar na smaointe seo a thabhairt tríd an suirbhé ar líne atá ar ceangal a chomhlánú nó trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig seo sa phost nó ar ríomhphost.

Nasc leis an Suirbhé: https://www.surveymonkey.com/r/DNB5ZHW

Féadfaidh tú do smaointe nó d’aighneachtaí a sheoladh sa phost chuig:

Oifig an Ombudsman do Leanaí
Teach na Mílaoise
52-56 Stráis na Trá Mhór
Baile Átha Cliath 1

Nó iad a chur ar ríomhphost chuig: oco@oco.ie
Roimh 5.00 i.n. ar 30 Samhain 2015.
Is féidir go mbeidh fáil go poiblí ar aighneachtaí ag www.oco.ie