You are here:
Garspriocanna Caillte
November 2026
Type: Press Release

Garspriocanna Caillte: Iarrann OCO ar an Stát gníomhú go práinneach chun a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh a chuid scrúduithe sláinte agus forbartha
Fuarthas amach in imscrúdú de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) gur theip ar an Stát a chinntiú go ndéantar scrúduithe uilíocha forbartha sláinte poiblí go héifeachtach ar gach leanbh faoi bhun sé bliana d’aois in Éirinn. Leagtar amach i dtuarascáil OCO Garspriocanna Caillte, a foilsíodh inniu (an 3 Samhain), an imní atá orainn gur fhág athruithe a rinneadh in 2022 ar chóras Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) le haghaidh scrúduithe forbartha sláinte poiblí roinnt leanaí gan scrúduithe forbartha ríthábhachtacha ó altraí sláinte poiblí (PHNanna). Mar thoradh ar na hathruithe seo, cuireadh córas tosaíochta in ionad na rochtana uilíche ar scrúduithe forbartha. Fuair OCO amach freisin go mbíonn sé deacair léargas náisiúnta iomlán a fháil ar scála na faidhbe de dheasca easpa sonraí iomlána inrochtana maidir le líon na leanaí nach ndearnadh a gcuid scrúduithe orthu agus na cúiseanna leis sin.
Chuaigh teaghlaigh i dteagmháil le OCO thar na blianta, agus iad buartha faoin tionchar a bhíonn ar a gcuid leanaí nuair nach ndéantar a gcuid scrúduithe orthu agus faoi na hiarmhairtí fadtéarmacha a bhíonn aige sin ar a bhforbairt agus ar a gcumas rochtain a fháil ar sheirbhísí agus ar thacaíochtaí. Creidimid go bhfuil impleachtaí suntasacha aige seo do chearta leanaí. Tá imní orainn freisin go bhfuil leanaí atá ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála agus sa chóras cosanta idirnáisiúnta i mbaol ar leith mar gheall ar neamhbhuaine a socruithe maireachtála.
Déanann OCO ceithre mholadh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a sainaithníodh inár n-imscrúdú. Ghlac FSS le torthaí OCO agus gheall sé Grúpa Maoirseachta Náisiúnta a bhunú chun ár moltaí a chur i bhfeidhm. Áirítear orthu sin plean a chur i bhfeidhm faoin gClár Náisiúnta um Óige Shláintiúil (NHCP) chun a chinntiú go bhfaigheann gach leanbh a chuid scrúduithe; socruithe speisialta a dhéanamh chun go mbeidh rochtain ag leanaí i gcóiríocht shealadach ar altraí sláinte poiblí; ról an altra sláinte poiblí i gcosaint agus i gcoimirciú leanaí a neartú; agus córas náisiúnta a fhorbairt chun sonraí a bhailiú agus monatóireacht a dhéanamh ar na seirbhísí sláinte leanaí a sholáthraíonn altraí sláinte poiblí.
Ag trácht ar an tuarascáil Garspriocanna Caillte, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon:
“Tá na chéad bhlianta de shaol linbh riachtanach dá fhorbairt agus dá fholláine, agus d’fhéadfadh impleachtaí fadtéarmacha a bheith acu dá shláinte, dá fhoghlaim agus dá thorthaí amach anseo. Is cuid ríthábhachtach de na luathbhlianta sin iad na scrúduithe uilíocha sláinte agus forbartha a dhéanann altraí sláinte poiblí ar leanaí in Éirinn.
“Mar is eol do gach tuismitheoir, tá ról fíorthábhachtach ag an t-altra sláinte poiblí (PHN) do theaghlaigh, ní hamháin trí aon ábhar imní maidir le forbairt leanaí a aithint agus atreoruithe a dhéanamh chuig seirbhísí idirghabhála cuí, ach freisin trí thacaíocht agus comhairle a thairiscint do thuismitheoirí.
“Tá sé ríthábhachtach ábhair imní maidir le forbairt leanaí a aithint go luath chun torthaí a fheabhsú do leanaí agus chun a chinntiú go bhfaigheann siad na seirbhísí agus na tacaíochtaí riachtanacha ag an am ceart. Mar dhuine sainordaithe faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, is cuid shárluachmhar dár struchtúir náisiúnta um choimirciú leanaí é an t-altra sláinte poiblí.
“Is measa fós an fhadhb seo toisc nach bhfuil aon tacar iomlán sonraí ar fáil ó FSS; dá bhrí sin, ní féidir linn a rá go cinnte cé mhéad leanbh nach ndearnadh a gcuid scrúduithe orthu ná cén fáth. Mar shampla, má bhreathnaímid ar fhreagra ón Aire Sláinte ar cheist pharlaiminteach (PQ) i mí Eanáir 2026, tugann na figiúirí le fios nach bhfuair thart ar 14.2% de na leanaí an measúnú forbartha a dhéantar idir 9 agus 11 mhí d’aois laistigh den tréimhse ama mholta an bhliain roimhe sin. Ós rud é gur cláraíodh thart ar 54,000 breith in 2025, is ionann é seo agus thart ar 7,500 naíonán.
“Tá an scéal níos measa i gcodanna éagsúla den tír, agus sainaithníodh ceantair áirithe ina bhfuil fadhbanna móra le soláthar na scrúduithe. Tá imní ar leith orainn freisin faoi na teaghlaigh sin atá i socruithe maireachtála sealadacha, mar go mbíonn sé thar a bheith deacair dóibh rochtain a fháil ar sheirbhísí altraí sláinte poiblí de bharr athruithe minice seolta. Tá sé seo ag tarlú freisin tráth a bhfuil ar leanaí cheana féin fanacht ar feadh tréimhsí nach bhfuil inghlactha chun measúnú agus idirghabháil a fháil trí Fhoirne Líonra Míchumais Leanaí (CDNTanna), Foirne Cúraim Phríomhúil agus Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d’Ógánaigh (CAMHS).
“Sna teagmhálacha a bhí againn le FSS le linn an imscrúdaithe seo, d’aithin FSS go soiléir an ról ríthábhachtach atá ag ár n-altraí sláinte poiblí. Cuirimid fáilte roimh fhreagairt FSS ar ár dtorthaí agus roimh a thiomantas Grúpa Maoirseachta Náisiúnta a bhunú chun cur chun feidhme ár gceithre mholadh ar fad a bhrú chun cinn ar an leibhéal náisiúnta.
“Déanfaidh m’Oifig faireachán ar an dul chun cinn ina leith seo chun a chinntiú go gcomhlíonann an Stát a dhualgas i leith leanaí agus go n-athbhunaíonn sé rochtain uilíoch ar scrúduithe forbartha ionas go bhfaighidh gach leanbh iad in am, beag beann ar an áit a bhfuil cónaí air.”
CRÍOCH
- 3 November 2026
- Type: Press Release