You are here:
Déanaimis i gCeart É – léiríonn fís atá bunaithe ar chearta do leanaí faoi chúram
- March 2026
- Type: Report
- Topic: Children in care
Tugann tuarascáil nua ó Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) léargas ar mhéid iomlán na géarchéime ar fud chóras cúraim na hÉireann do leanaí, ag nochtadh córas atá tearcmhaoinithe go seasta agus ina dtarlaíonn cuid de na sáruithe is doimhne ar a gcearta.
Déanaimis i gCeart É – léiríonn fís atá bunaithe ar chearta do leanaí faoi chúram an chaoi nach bhfuil an córas ag feidhmiú ar mhaithe le leas gach linbh faoi láthair, in ainneoin iarrachtaí is fearr na foirne san earnáil.
Creideann an OCO, áfach, go bhfuil fíordheis ann anois athrú uair amháin sa ghlúin a dhéanamh ar ár gcóras cúraim le forbairt na chéad Straitéise um Chúram Malartach riamh de chuid an Rialtais agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht 25 bliain d’aois atá mar bhonn agus thaca ag cosaint leanaí in Éirinn.
Déantar roinnt moltaí i dtuarascáil an OCO thar ocht bpríomhréimse do leanaí faoi chúram, agus tá súil aici go léireofar iad i bpleananna an Rialtais atá le teacht níos déanaí i mbliana.
Is féidir leat an tuarascáil iomlán a léamh sa nasc thíos.
- March 2026
- Type: Report
- Topic: Children in care