Tá tú anseo:
Antoisceachas, Idirdhealú agus Róil Inscne
- 3 Márta 2025
- Cineál: Preaseisiúint
- Ábhar: Míchumas, Oideachas, Inimirce,
Tá daoine óga breá eolach ar leithcheal, ar antoisceachas agus ar róil ‘thraidisiúnta’ inscne de réir suirbhé nua ó Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL)
- Deir 25% acu go bhfuil dearcthaí ag a gcairde a shílfeadh daoine áirithe go bhfuil siad antoisceach
- Ceanglaíonn 64% de dhaltaí dearcthaí antoisceacha le buachaillí agus le fir
- Cloiseann 63% níos mó dearcthaí antoisceacha ar líne ná trí thaithí phearsanta
- Aontaíonn 69% gur fadhb mhór é leithcheal in Éirinn
- Cloiseann 84% tráchtanna diúltacha maidir le himirce nó tithíocht
- Cloiseann 61% dearcthaí lena ndeirtear gur cheart don tsochaí dul ar ais go róil ‘thraidisiúnta’ inscne
I suirbhé nua ó Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) maidir le Fadhbanna Sóisialta atá ag Teacht Chun Cinn in Éirinn na Linne Seo, dírítear aird den chéaduair ar an tionchar ar leanaí mar gheall ar mhéadú ar antoisceachas, ar leithcheal agus ar dhearcthaí athraitheacha maidir le róil inscne. Ghlac 626 dhalta i 28 meánscoil ar fud na tíre páirt sa suirbhé ar líne inar léiríodh go dtagann 63% de dhaoine óga ar dhearcthaí antoisceacha ar líne, i gcomparáid le gan ach 6% san fhíorshaol.
Rinne Oifig an Ombudsman do Leanaí an suirbhé sin tar éis dúinn tuairiscí a fháil, trínár gcuid oibre, go raibh leanaí i dteagmháil le hantoisceachas, mar a mheas siad é, ina ngnáthshaolta. Taispeántar leis an suirbhé sin go bhfuil díospóireachtaí faoi antoisceachas sa tsochaí i gcoitinne ag dul i bhfeidhm ar ár ndaoine óga. Taispeántar leis freisin bhfuil daoine óga ag déileáil le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn amhail inimirce agus noirm inscne agus go mbíonn tionchar acu orthu. Deir 84% go gcloiseann siad tráchtanna diúltacha maidir le hinimirce nó tithíocht Agus deir 61% de dhaltaí go gcloiseann siad tráchtanna lena ndeirtear gur cheart don tsochaí dul ar ais go róil ‘thraidisiúnta’ inscne agus chuala 51% acu dearcthaí go bhfuil teideal níos mó ag fir ná mná ar údarás níos mó.
I bhfianaise na dtorthaí, tá an OOL ag iarraidh ar an Rialtas méadú ar thuairimí antoisceacha i measc leanaí a fhiosrú tuilleadh agus plean a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo ó aois óg. Molann an Oifig freisin gur cheart go ndíreofaí go speisialta ar chearta leanaí in obair rialála a bhaineann le IS i bhfianaise an cheangail shoiléir idir an saol ar líne agus antoisceachas.
Agus é ag trácht ar na torthaí, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon:
“Níl leanaí slán ón saol atá thart orthu agus de réir mar a bhíonn sé le cuid is mó de na fadhbanna a mbíonn tionchar acu ar an tsochaí, tugtar le tuiscint inár suirbhé go bhfuil tionchar ar leanaí freisin ag rabharta na ndearcthaí antoisceacha atá ag méadú maidir leis an méid a chloiseann siad agus a fheiceann siad sa bhaile, i measc a gcairde agus a bpiaraí agus den chuid is mó, ar líne.
“Ba cheart go mbeadh sé ina ábhar misnigh againn gur inis daltaí dúinn inár suirbhé go bhfuil tuismitheoirí agus caomhnóirí fós ina dtionchar is mó ina saolta (deir 50% go bhfuil tuismitheoirí ina dtionchar is mó orthu). Is freagracht í seo nach mór déileáil léi go stuama chun dul i ngleic le hidéil chontúirteacha agus chun múineadh do leanaí faoin gcaoi ar cheart dóibh caitheamh le daoine eile.
“Ach is ábhar imní é, áfach, an ceangal soiléir idir an saol ar líne agus leitheadúlacht dearcthaí antoisceacha, go háirithe maidir le buachaillí agus fir óga, agus ceanglaíonn 64% de na daltaí dearcthaí antoisceacha leis an gcohórt sin. Is é an rud is spéisiúla go síleann 55% de na daltaí go bhfuil dearcthaí níos antoiscí ag buachaillí ná mar atá ag cailíní, agus aontaíonn 51% go ndírítear na dearcthaí sin ar líne níos mó ar bhuachaillí.
“Ní mór don Rialtas, do chuideachtaí na meán sóisialta agus do gach duine againn an méid sin a chur san áireamh nuair a bhíonn oideachas agus cosaint ár bhfear óg i gceist, lena n-áirítear an dearcadh maidir le fearúlacht nimhe, rud a bhíonn le feiceáil againn i roinnt de na tuairimí faoi róil inscne a bhíonn le cluinstin ag daoine óga. Ní mór machnamh a dhéanamh air i ndíospóireachtaí faoi intleacht shaorga agus faoin gcaoi a bhfuil algartaim ag díriú ar ghrúpaí áirithe daoine, buachaillí agus fir óga sa chás seo.
“Is ionann ár suirbhé agus léargas ag am áirithe ar shaincheist, ach ceann a d’fhéadfadh tús a chur le comhrá dáiríre, dar linn, sa seomra ranga, sa bhaile agus ar ndóigh, ar líne, maidir leis na hábhair sin. Ba cheart go mbeadh na círéibeacha i mBaile Átha Cliath anuraidh agus na círéibeacha le tamall anuas ag ionad SCCI (Seirbhísí Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta) ina raibh teaghlaigh agus leanaí ina gcónaí, ina meabhrúchán dúinn gur féidir fuath agus mífhaisnéis a leathnú amach go furasta go dtí pobail.
“Mar is gnách, chuir leanaí léargas thar a bheith úsáideach ar fáil ar na saincheisteanna sin, ag léiriú go bhfuil tuilleadh oideachais ag teastáil agus aird á díriú acu ar an bhfreagracht atá ag cuideachtaí na meán sóisialta chun a chinntiú go ndéantar iad a chosaint ar líne. Bainfidh ár nOifig úsáid as torthaí an tsuirbhé seo chun ár n-obair agus taighde féin ar na ceisteanna sin a threorú agus chun a chinntiú go léirítear iad leis an lucht déanta beartas.”
DEIREADH
Antoisceachas, Idirdhealú agus Róil Inscne
- 3 Márta 2025
- Cineál: Preaseisiúint
- Ábhar: Míchumas, Oideachas, Inimirce,