Skip to main content

Tá tú anseo:

Anailís chearta leanaí ar imscrúduithe

Is é cuspóir an athbhreithnithe seo chun iniúchadh a dhéanamh ar ár gcur chuige i leith fheidhm na n-imscrúduithe chun monatóireacht a dhéanamh ar chearta leanaí agus a dheimhniú i gcomhthéacs gá le hathchóiriú earnála poiblí, na limistéir a imríonn tionchar ar leith ar leanaí agus óna dteastaíonn aird.

Ba é aidhm an taighde seo scrúdú a dhéanamh ar líon áirithe Ráitis Imscrúdaithe
d’fhonn measúnú a dhéanamh ar cé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon agus a mhéid a chomhlíon gníomhartha na gcomhlachtaí poiblí a bhí i gceist caighdeáin chearta leanaí.

Is iad na 10 ráiteas imscrúdaithe, a roghnaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí le breithniú a dhéanamh orthu:

  1. Teip ar thithíocht chuí a sholáthar i gcás linbh faoi mhíchumas;
  2. Iompar scoile a sholáthar do 23 leanbh;
  3. Diúltú ag Comhairle Contae chun tionóntacht áit chónaithe údaráis áitiúil a dheonú;
  4. An mhoill a bhí ar shocrúchán oiriúnach a dhéanamh do dhuine óg ag FSS;
  5. Cáilitheacht Linbh ag a raibh Riachtanais Speisialta d’Iompar Scoile Lamháltais;
  6. Neamhábaltacht linbh ar a bhfuil uathachas chun teagasc baile a fháil faoi scéim soláthair mhí Iúil 2003-2005;
  7. Gníomhartha Riaracháin na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le hiarratas ar dheontas do theagasc baile a rinne leanbh ar a bhfuil Uathachas;
  8. Imscrúdú ar sholáthar FSS do mháthair agus a leanbh, a raibh an bheirt díobh i gcúram an Stáit;
  9. Cúram cuí do dhuine óg a fuair bás i gcúram FSS; agus
  10. Tacaíochtaí agus seirbhísí teiripeacha agus cúram a sholáthar do leanbh a bhfuil riachtanais speisialta aige i gcúram altrama.