Skip to main content

Tá tú anseo:

Aois an Toilithe Dhigitigh

I Nollaig 2016, d’ullmhaigh an OOL aighneacht leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais i dtaca le haois an toilithe dhigitigh a chuirfear i bhfeidhm in Éirinn i gcás sheirbhísí na sochaí faisnéise a chuirtear ar fáil go díreach do leanaí, na meáin shóisialta ina measc, faoi mar a cheanglaítear sa Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS). Cuirfear an Rialacha seo i bhfeidhm ar fud an AE an 25 Bealtaine 2018.

San áireamh san aighneacht seo tá moltaí ina dtugtar cuntas ar an bhfáth gur cheart glacadh le haois níos ísle 13 bliana an toilithe dhigitigh; gur cheart don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais tabhairt faoi chomhairliúchán bríoch le leanaí agus daoine óga faoi aois an toilithe dhigitigh; gur cheart don Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais breithniú a dhéanamh ar na moltaí a rinneadh i dTuarascáil an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí maidir le Cumarsáid Dhíobhálach agus Sábháilteacht Dhigiteach le córas nua reachtúil náisiúnta maoirseachta a bhunú a chuirfeadh sábháilteacht dhigiteach dhearfach chun cinn agus a thacódh leis; agus gur cheart promhadh i dtaobh cearta leanaí a dhéanamh a luaithe agus is féidir ar aon tionscnaimh reachtaíochta agus athchóirithe ar an dlí coiriúil amach anseo i limistéar na sábháilteachta digití a dhéanann difear do leanaí.

Léiríomar an tuairim, chomh maith, gurb é an t-oideachas an beart cosanta is tábhachtaí agus is éifeachtaí chun na rioscaí a chomhrac a chruthaíonn teicneolaíochtaí digiteacha agus an tionchar a imríonn sé ar chearta leanaí atá le cosaint ó dhíobháil agus ó gach foirm de theacht i dtír gnéasach agus drochúsáid ghnéasach.