Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle ar na hathruithe a bheartaítear ar Acht na Leanaí, 2001

Chuir an OOL fáilte roimh obair an Tascfhórsa um Cheartas i leith an Aosa Óig agus foilsíodh an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Cheartas i leith an Aosa Óig in Eanáir 2006. Chruthaigh an Tascfhórsa um Cheartas i leith an Aosa Óig ceannaireacht agus fís lena raibh géarghá sa limistéar um cheartas i leith an aosa óig.

Sáraíonn na hathruithe a bheartaítear ar Acht na Leanaí, 2001, a leagtar amach sna dréacht-leasuithe go mór na hathruithe a mholtar sa Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar Cheartas i leith an Aosa Óig (2006). Is fiú na tograí a thabhairt faoi deara a bhaineann le ‘orduithe iompair fhrithshóisialta’ a beartaíodh, beag beann ar an athbhreithniú a rinne an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

Díríonn ár mbreathnóireacht ar na hathruithe a bheartaítear ar Acht na Leanaí, 2001, ar oibleagáidí idirnáisiúnta um chearta daonna na hÉireann a chomhlíonadh i measc na dtograí siúd agus ar thionchar dóchúil na dtograí ar shaol leanaí.