Skip to main content

Tá tú anseo:

2024 Tuarascáil Bhliantúil 'Tosaíonn An Todhchaí Linn'

Bhí méid mór gearán á fháil fós ag Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) anuraidh maidir le seirbhísí do leanaí, agus rinneadh 1,772 theagmháil leis an Oifig maidir le gearáin. Léirítear le Tuarascáil Bhliantúil an OOL do 2024 atá á foilsiú inniu Tosaíonn an Todhchaí Linne, go bhfuil gearáin ag éirí níos casta, agus go mbaineann beagnach gearán amháin as cúig acu le níos mó ná gníomhaireacht amháin, agus go mbaineann aon trian acu le catagóirí iolracha imní. Is é an t-oideachas an t-ábhar is mó a ndéantar gearáin ina leith don OOL ag 33%, agus Tusla ina dhiaidh (19%) agus gearáin faoi sheirbhísí sláinte do leanaí ina dhiaidh sin (15%).