Skip to main content

Tá tú anseo:  

Níl mé sábháilte

Cad is féidir a dhéanamh más duine óg thú agus má bhraitheann tú neamhshábháilte, má tá tú i mbaol nó mura dteastaíonn uait ach labhairt le duine éigin?

Más duine óg thú agus má bhraitheann tú neamhshábháilte sa bhaile nó timpeall ar dhuine fásta, ba cheart duit labhairt le duine fásta a bhfuil muinín agat astu – do mháthair nó d’athair, do chaomhnóir nó do thuismitheoir altrama, oibrí sóisialta, múinteoir, gaol, tuismitheoir carad.

Má bhíonn tú i mbaol, ba cheart duit glao ar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Tá faisnéis ar fáil ar a n-oifigí áitiúla agus an duine is fearr le teagmháil a dhéanamh leo anseo. Is féidir glao ar Cheannoifig Tusla ag 01 7718500.

Más gá duit labhairt le duine éigin um thráthnóna, i rith an deireadh seachtaine nó i rith saoirí bainc nuair a bhíonn an chuid is mó de na hoifigí dúnta, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána.

Faisnéis do dhaoine óga

Chun teacht ar fhaisnéis faoi shaincheisteanna a imríonn tionchar ar dhaoine óga, atá scríofa ag daoine óga, tabhair cuairt ar www.spunout.ie

Má bhíonn tú buartha nó más mian leat labhairt le duine éigin, féadfaidh tú glao ar Childline 24 uair an chloig sa lá ag 1800 66 66 66 nó trí ‘Talk’ a sheoladh i dteachtaireacht téacs chuig 50101.