Skip to main content

Tá tú anseo:  

Tá imní orm faoi leanbh

Cad is cóir duit a dhéanamh má tá imní ort faoi shábháilteacht leanbh nó duine óg.

Má tá imní ort faoi shábháilteacht leanbh nó duine óg, ba chóir duit glaoch ar Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach. Tá eolas ar a n-oifigí áitiúla agus an duine is fearr teagmháil a dhéanamh leis nó léi le fáil anseo. Is féidir teagmháil a dhéanamh le ceannoifig Tusla ag 01 7718500.

Má theastaíonn uait labhairt le duine éigin sa tráthnóna, ag an deireadh seachtaine nó le linn laethanta saoire bainc, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána.