Tá tú anseo:
Cosc ar fhóin i scoileanna - léirítear le taighde nua OCO an fáth nach n-oireann an toise céanna do gach duine
- 10 Meán Fomhair 2025
- Cineál: Preaseisiúint
Foilseoidh Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) Ní Oireann an Toise Céanna do Gach Duine - tuarascáil ar chosc ar fhóin i scoileanna agus ar chearta leanaí i gcomhar le Painéal Comhairleach na nÓige (YAP) de chuid OCO. Chomh maith le tuairimí daoine óga a chur i láthair maidir leis an gcosc ar fhóin i scoileanna, sa tuarascáil tugtar taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta tábhachtach le chéile ó thaobh chearta leanaí de maidir leis an bhfadhb seo.
Fuair OCO amach nach bhfuil cosc iomlán ar fhóin i scoileanna chun leas is fearr na leanaí, agus nach bhfuil sé ina dhóigh éifeachtach ach oiread chun cearta leanaí a chosaint ar iarmhairtí díobhálacha fón agus na meán sóisialta. Ina ionad sin, tá OCO ag iarraidh ar an Rialtas machnamh a dhéanamh ar an tionchar ar chearta leanaí, lena n-áirítear a gceart go mbeadh guth acu, agus chomh maith leis sin ar éagsúlacht scoileanna agus scoláirí aonair agus ar aois agus leibhéil aibíochta leanaí nuair a dhéantar rialacha maidir le fóin a dhearadh. Go tábhachtach,léirítear sa tuarascáil an fáth nach mór dúinn bogadh thar bhéim róshimplí ar chosc go cur chuige a thacaíonn le leanaí a mbealach a dhéanamh go cumasach agus go muiníneach tríd an réimse digiteach, agus lena dtugtar faoi bhunchúiseanna na ndúshlán a bhíonn roimh leanaí ar líne. Déanann OCO cúig mholadh, agus tá sí ag súil go mbainfidh an lucht ceaptha beartas úsáid astu chun cinnteoireacht a threorú i dtaca leis an bhfadhb seo.
Agus í ag labhairt faoin tuarascáil, dúirt ceannasaí beartais OCO, an Dr Tricia Keilthy:
“Tá ról chomh mór sin ag fóin i saolta daoine óga; sin an dóigh a ndéanann siad cumarsáid le chéile agus a gcomhroinneann siad ábhar ar líne agus dá bhrí sin beidh tionchar chomh mór céanna ag baint le cinneadh ar bith chun cosc a chur ar fhóin i scoileanna.
“Tá sé sothuigthe amach is amach go mbeadh imní ar thuismitheoirí, ar mhúinteoirí agus ar ndóigh ar an Rialtas maidir le tionchar diúltach fón ar scoil, ach níl cosc iomlán ina dhóigh cheart chun an riosca sin a mhaolú.
“Tugtar chun suntais inár dtuarascáil, Ní Oireann an Toise Céanna do Gach Duine, gur fadhb níos caolchúisí í seo agus nach gcuirtear dearcthaí leanaí - nó a gcearta ar ndóigh - san áireamh leis an gcinneadh chun cosc a chur ar fhóin i scoileanna.
“Bhí comhairliúcháin againn le 29 nduine óg atá ar Phainéal Comhairleach na nÓg (YAP) dár gcuid, agus iad uile idir 13 bliana agus 17 mbliana d’aois, chun a gcuid tuairimí agus léargas a fháil faoin gcosc.
“Dúirt YAP linn go bhféadfadh an cosc ar fhóin ar scoil an tionchar diúltach céanna a imirt ar a gcearta agus a imrítear ag na fóin iad féin, agus go bhfuil an oiread sin úsáidí eile ag baint le fóin ar scoil seachas cumarsáid a dhéanamh. Dúirt siad linn, mar shampla, conas a úsáideann siad a bhfóin chun foghlaim, chun coinneáil ar an eolas, chun aire a thabhairt dá sláinte, agus fiú dáimh a dhéanamh lena gcultúr, lena dteanga agus lena gcreidimh.
“Cuireann na daoine óga síos freisin ar an dóigh nach raibh ionchur acu sa chinneadh chun cosc a chur ar fhóin i scoileanna agus nár cuireadh a gcuid tuairimí san áireamh.
“Is teachtaireacht shoiléir í an teachtaireacht ó dhaoine óga - ní mór dúinn bogadh thar chaint faoi chosc agus cur chuige níos iomlánaíche, níos cruthaithí a ghlacadh atá bunaithe ar fhianaise chun tabhairt faoi na fadhbanna a chruthaítear, agus a dhéantar níos measa go minic, ag úsáid fón i scoileanna agus lasmuigh de gheataí na scoile araon. I ngníomh, is é an toradh a bheidh air sin ná go ndéanfar scoláirí a chumasú trí chlár litearthachta digití neamhspleách agus go gcruthófar spásanna sábháilte ar líne trí rialú a neartú ar sholáthraithe seirbhíse ar líne.
“Tá sé ríthábhachtach freisin go dtugtar tacaíocht níos fearr do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí maidir le húsáid fhoriomlán na teicneolaíochta ionas gur féidir leo tacaíocht a thabhairt do na scoláirí ar bhonn níos fearr maidir leis na fadhbanna sin.”
DEIREADH
Ní Oireann an Toise Céanna do Chách, Leagan Cardiúil don Aos Óg
- 10 Meán Fomhair 2025
- Cineál: Preaseisiúint