Skip to main content

Tá tú anseo:

Ba cheart ionad ilfhreastail a bheith ar fáil d’íospartaigh uile na drochúsáide gnéasaí - an tOmbudsman do Leanaí

Inniu (Dé Luain), d’fhreastail an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon ar oscailt an Tionscadail Barnahus OneHouse i nGaillimh. Thréaslaigh Niall leo siúd go léir a bhí ról acu maidir leis an scéim phíolótach seo a thabhairt chun críche agus d’impigh sé go ndéanfaí an cur chuige ilghníomhaireachta seo i ndáil le déileáil le híospartaigh na drochúsáide gnéasaí leanaí a chur i bhfeidhm ar fud na tíre.

“Tá cur chuige an chomhshuímh nó an cur chuige ilghníomhaireachta á mholadh agam le fada an lá. Leis an gcur chuige sin, bíonn na seirbhísí riachtanacha go léir a bhíonn de dhíth ar íospartaigh na drochúsáide gnéasaí leanaí ar fáil san fhoirgneamh céanna.  Is ceart é sin a dhéanamh agus is cur chuige páisteláraithe é an cúram agus an tacaíocht iomchuí a chur ar fáil d’íospartaigh na drochúsáide gnéasaí leanaí gan strus agus anó breise a chothú dóibh.

Tá róil na nGardaí, Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Tusla fite fuaite le chéile i gcónaí. Le linn Iniúchta a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Alt 12 den Acht um Chúram Leanaí 1991 ag an nGarda Síochána, áfach, fuair an Dr Geoffrey Shannon, an Rapóirtéir Speisialta um Chosaint Leanaí go raibh an chumarsáid idir Tusla agus na Gardaí ‘dromchlach agus neamhéifeachtach’.

“I ndiaidh fhoilsiú thuarascáil an Dr Shannon, bhí ríméad orm cuireadh a fháil ón Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone, fiosrú a dhéanamh ar an gcur chuige ilghníomhaireachta agus páirt a ghlacadh sa taighde as a dtáinig an Tionscadal OneHouse.

In éineacht leis an Aire Zappone, an Dr Shannon, ionadaithe de chuid an Gharda Síochána agus Tusla, chomh maith le hOifigigh ón Roinn Dlí agus Cirt, d’fhreastail mé chuig an Ionad Rowan i mBéal Feiriste agus MASH in Oxford, Sasana, áiteanna a bhfuil comhshuíomh seirbhísí faoi lán seoil. Tugadh cuairt freisin ar an Ionad Abhcóideachta Leanaí sa Bronx, Nua-Eabhrac.

“Tar éis dom a bheith páirteach ón tús agus ós rud é go bhfuil an cur chuige seo feicthe agam faoi lán seoil, táim níos cinnte anois ná riamh gur é seo an bealach is fearr chun tosaigh agus gur cheart a leithéid agus an Tionscadal Barnahus OneHouse a chur i bhfeidhm ar fud na tíre chun leasa leanaí i ngach cuid den tír.

“Is léiriú é Barnahus ar an méid is féidir a bhaint amach nuair a thagann ranna le chéile, tiomanta do bheart a dhéanamh de réir briathair do leanaí. Nuair a ghlacann gníomhaireachtaí stáit dearcadh na comhroinnte chucu féin, ligtear dóibh teagmhail oscailte a bheith acu lena chéile agus tús áite a thabhairt do leasa na leanaí i gcónaí.

“Molaim go hard na daoine sin ón Roinn Sláinte; ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige; agus ón Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a d’oibrigh go dian dícheallach ionas go mbeadh seirbhísí leighis, seirbhísí fóiréinseacha, seirbhísí an Gharda Síochána, seirbhísí oibre sóisialta agus seirbhísí teiripeacha ar fáil do leanaí in Iarthar na tíre.

Is céim mhór chun tosaigh é seo i dtreo mholtaí Thuarascáil Fhearna, 2005, a chur i bhfeidhm maidir leis an gcóras a dhearadh chun freastal ar riachtanais leanaí seachas a mhalairt treo. Is léiriú é tiomantas na seirbhísí uile do chomhshuíomh agus comhoibriú ar chur chuige páisteláraithe nach bhfuil feicthe againn go dtí seo agus gan aon dabht, ba cheart dúinn cur leis.”