Skip to main content

Tá tú anseo:

Foilsíonn Oifig an Ombudsman do Leanaí tuarascáil ar an tionchar a bhí ag dúnadh na scoileanna ar chearta leanaí

Agus dhá bhliain caite ó dúnadh scoileanna ar fud na hÉireann mar chuid den chéad dianghlasáil, tá Measúnacht Tionchair maidir le Cearta Linbh á foilsiú ag Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) ina gcuirtear síos ar an tionchar a bhí ag an dúnadh sa bhliain 2020 agus 2021 ar chearta leanaí.

Déantar mionscrúdú i Measúnacht Tionchair maidir le Cearta Linbh ar na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag dlíthe, polasaithe, cinntí buiséid, cláir agus seirbhísí ar leanaí, de réir mar a bhíonn siad á bhforbairt agus sula ndéantar cinneadh fúthu. Dá bhrí sin, is féidir teacht ar bhealaí éagsúla sa CRIA leis na tionchair dhiúltacha ar leanaí a bhíonn ag gníomh ar leith atá molta a sheachaint nó a mhaolú sula gcuirtear i bhfeidhm é.

Tá an measúnacht tionchair maidir le cearta linbh (CRIA) aitheanta ag Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh mar bheart ríthábhachtach ar cheart do Stáit é a chur i bhfeidhm leis an tuiscint maidir le cearta leanaí a chur chun cinn faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh (CRC). Cé gur dhaingnigh Éire an CRC sa bhliain 1992, níl CRIA tugtha isteach ag an Stát go fóill le tacú le cur i bhfeidhm cearta leanaí in Éirinn.

Dhírigh CRIA an OCO ar na cearta a bhí ag cúig ghrúpa leanaí, go háirithe; leanaí a raibh deacrachtaí meabhairshláinte á bhfulaingt acu, leanaí gan dídean, leanaí atá ina gcónaí i Soláthar Díreach, leanaí atá faoi mhíchumas, agus leanaí de chuid an Lucht Siúil agus na Romach. Fuarthas amach i ndiaidh an CRIA go raibh na grúpaí leanaí seo ina measc siúd a raibh tionchar diúltach níos mó ag dúnadh na scoileanna orthu.

Chomh leis an aird a tarraingíodh ar cé chomh mór agus a bhímid ag brath ar na scoileanna agus ar phobal na scoile le tacú le cearta na leanaí, tugadh an méid seo a leanas le fios sa CRIA i dtaobh an dúnta:

  • bhí éifeacht dhiúltach den chuid is mó aige ar chearta oideachais an linbh, agus tionchar níos mó aige ar leanaí a bhí faoi mhíbhuntáiste cheana féin i gcúrsaí oideachais;
  • bhí tionchar diúltach aige ar mheabhairshláinte agus ar fholláine agus/nó ar fhorbairt shóisialta agus mhothúchánach leanaí áirithe;
  • d’fhág sé gur cuireadh isteach ar sheirbhísí riachtanacha sláinte a chuirtí ar fáil i scoileanna, ar nós an clár imdhíonta scoile, seiceálacha éisteachta, radhairc agus fiaclóra, chomh maith le Clár na mBéilí Scoile;
  • chuir sé leis an mbaol níos mó a bhí ann go ndéanfaí dochar nó go mbainfí mí-úsáid as leanaí, foréigean baile san áireamh, sa bhaile agus laghdaíodh na deiseanna a bhí ag oibrithe gairmiúla atá bunaithe ar scoil údair imní maidir le cosaint leanaí a aithint agus a thuairisciú.

 

Agus í ag caint ar an méid a aimsíodh, bhí an méid seo a leanas le rá ag an gCeannasaí Polasaí, an Dr Karen McAuley:

“Léargas ama atá sa CRIA seo a bhfuil sé mar aidhm aige an tionchar a bhí ag an gcinneadh a rinneadh maidir leis na scoileanna a dhúnadh in 2020 agus go luath in 2021 ar chearta leanaí a léiriú. Cé go raibh tionchar aige seo ar na leanaí ar fad, fuarthas amach ónár CRIA go raibh tionchar diúltach ní ba mhó ag an dúnadh ar an gcúig ghrúpa leanaí ar díríodh orthu, agus nach ndearnadh dóthain machnaimh ar na riachtanais ar leith a bhí acu nuair a rinneadh an cinneadh iomlán maidir leis na scoileanna a dhúnadh i mí an Mhárta 2020. Dá réir sin, ní hamháin go dtarraingíonn ár CRIA aird ar an ngá go gcuirfeadh an Stát cearta leanaí san áireamh agus cinntí á ndéanamh, i gcásanna éigeandála chomh maith, ach go ndéanfaí machnamh ar na bearta ar leith atá ag teastáil leis an tionchar díréireach a bhíonn ag cinntí áirithe ar ghrúpaí leanaí ar leith a mhaolú.

“Tá sé soiléir chomh maith go bhfuil i bhfad níos mó ag baint leis an scoil ná an t-oideachas amháin, agus go mbíonn ról tábhachtach ag múinteoirí agus ag oibrithe gairmiúla eile maidir le cearta leanaí. I gcás roinnt mhaith leanaí, cabhraíonn an scoil leis an bhforbairt mhothúchánach agus shóisialta acu agus tugtar an deis dóibh tabhairt faoi sheiceálacha tábhachtacha sláinte. I gcás leanaí áirithe, is áit í an scoil a mbíonn teacht acu ar bhéile te. I gcás leanaí eile, tugtar tearmann dóibh ar scoil ó chásanna díobhálacha nó drochídeacha sa bhaile agus is áit í ar féidir le hoibrithe gairmiúla údair imní a aithint agus a thuairisciú maidir le cosaint agus leas an linbh.

“Níl tús curtha go fóill le Measúnacht Tionchair maidir le Cearta Linbh in Éirinn. Díreach mar a thugtar faoi Mheasúnacht Tionchair Timpeallachta le mionscrúdú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bheadh ag tionscadal molta ar an timpeallacht sula gceadaítear é, creidimid gur cheart don Rialtas cuimhneamh go láidir ar CRIA a thabhairt isteach in Éirinn le cinntiú go gcuirfear cearta leanaí san áireamh sna moltaí a mbíonn tionchar acu ar leanaí,” a dúirt an Dr. McAuley mar fhocal scoir.

Bhí an OCO ar cheann de na 13 eagraíocht a ghlac páirt i gcomhthionscadal idir Gréasán Eorpach na nOmbudóirí do Leanaí (ENOC) agus UNICEF le tabhairt faoi CRIA píolótach ar an tionchar a bhain le bearta Covid-19 ar chearta leanaí. Tugadh faoi CRIA an OCO idir mí Aibreáin agus mí Dheireadh Fómhair na bliana 2021, agus bhí athbhreithniú deascbhunaithe ar cháipéisíocht ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta, chomh maith le hagallaimh a cuireadh ar roinnt eagraíochtaí tábhachtacha geallsealbhóra mar chuid de.

 

DEIREADH