Tá tú anseo:
Foilsíonn Oifig an Ombudsman do Leanaí an chéad Tuarascáil Speisialta riamh maidir le Sábháilteacht agus Leas Leanaí i Soláthar Díreach
- 18 Deireadh Fomhair 2023
- Cineál: Preaseisiúint
- Ábhar: Tithíocht, Inimirce
Tá freagairt bunaithe ar ghéarchéim ag déanamh díobhála do leanaí
Foilsíonn Oifig an Ombudsman do Leanaí an chéad Tuarascáil Speisialta riamh maidir le Sábháilteacht agus Leas Leanaí i Soláthar Díreach
D’fhoilsigh Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) Tuarascáil Speisialta inniu (Déardaoin, 19ú Deireadh Fómhair) maidir le Sábháilteacht agus Leas Leanaí i Soláthar Díreach. Seo an chéad uair riamh a cuireadh tuarascáil den chineál sin faoi bhráid an Oireachtais ó bunaíodh an OOL in 2004.
D’fhoilsigh an tOmbudsman do Leanaí an tuarascáil seo toisc nach bhfuil sé sásta leis an bhfreagairt dá imscrúdú 2021 ar Sholáthar Díreach agus ceapann sé go ndearnadh an cás níos measa do leanaí atá ina gcónaí i gcóiríocht arna soláthar ag an Stát leis an bhfreagairt atá bunaithe ar ghéarchéim atá á cur i bhfeidhm faoi láthair ag an Rialtas. Ceapann sé freisin gur cuireadh stad le dul chun cinn ar an bPáipéar Bán maidir le Soláthar Díreach, nó go bhfuil dul ar gcúl i gceist leis, ó fhoilsiú chéad imscrúdú an OOL ar Sholáthar Díreach in 2021.
Tá Oifig an Ombudsman do Leanaí ag iarraidh ar an Rialtas chun bogadh ar shiúl ó fhreagairtí éigeandála do leanaí atá ar lorg cosaint idirnáisiúnta agus chun pleanáil a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil leanaí ag fás suas i dtimpeallachtaí slána agus sábháilte.
Sa Tuarascáil Speisialta maidir le Sábháilteacht agus Leas Leanaí i Soláthar Díreach dírítear aird ar thrí mholadh shainiúla ó 2021:
- Cuir deireadh le húsáid óstán tráchtála agus pleanáil le haghaidh brúnna ar thoilleadh cóiríochta
Níl óstáin agus Lóistíní Leapa is Bricfeasta ina n-áiteanna oiriúnacha do leanaí chun fás suas. Sin an méid atá ag tarlú agus níl aon phleananna ann faoi láthair chun sin a athrú. Glactar leis, ó thaobh an Rialtais de, gur sin an dóigh nach mór a bheith ann. Tá sé ag dul i bhfeidhm ar leanaí i Soláthar Díreach, agus ar na mílte atá ag teacht ón Úcráin chomh maith. Léirítear le figiúirí le déanaí go bhfuil an Stát ag caitheamh níos mó ná €42.1m in aghaidh na míosa ar chíos, ar bhainistíocht agus ar chothabháil cóiríochta don lucht iarrtha tearmainn. D’éiligh an Grúpa Comhairleach maidir le Soláthar Díreach faoi cheannas an Dr. Catherine Daly go n-úsáidfí bearta eisceachtúla chun ionaid faoi úinéireacht an Stáit a sholáthar. Tacaíonn an OOL leis an éileamh sin.
- Cuir meicníocht láidir dearbhaithe cáilíochta i bhfeidhm
Ní féidir leis an Ombudsman do Leanaí a bheith sásta go bhfuil meicníocht láidir dearbhaithe cáilíochta i bhfeidhm, nó go gcuirfear i bhfeidhm í, do mhórchuid na leanaí atá ar lorg cosaint idirnáisiúnta. Tháinig na Caighdeáin Náisiúnta i bhfeidhm ag tús 2021 agus d’aontaigh an Rialtas gur cheart go ndéanfadh HIQA (an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte) monatóireacht ar na hionaid maidir le comhlíonadh na gcaighdeán. Ach tá feidhm ag ról HIQA maidir le ‘hionaid bhuana’ uile, áfach, arna gconrú ag IPAS (Seirbhísí Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta). Mar is eol dúinn, tá cóiríocht á cur ar fáil do mhórchuid na leanaí in ionaid neamhbhuana amhail óstáin, Lóistíní Leapa is Bricfeasta, rud a chiallaíonn nach bhfuil monatóireacht leordhóthanach ar ghearáin, ar imní maidir le cosaint agus leas leanaí, agus ar theagmhais dhiúltacha eile ar bith.
- Déan leochaileacht leanaí a mheasúnú sa phróiseas um chosaint idirnáisiúnta
Ní féidir leis an Ombudsman do Leanaí a bheith sásta go bhfuil aird leordhóthanach ag IPAS ar leochaileacht leanaí laistigh den phróiseas um chosaint idirnáisiúnta maidir le pleanáil agus soláthar a gcuid riachtanas cóiríochta. Nuair a d’fhoilsíomar ár n-imscrúdú ar Sholáthar Díreach in 2021 thug an Roinn gealltanas go gcuirfí measúnú ar leochaileacht i bhfeidhm laistigh de 30 lá ó iarratas linbh ar chosaint idirnáisiúnta. Ach ní bhfuair ach 10% de na leanaí atá ar lorg cosaint idirnáisiúnta measúnú reachtúil ar leochaileacht, áfach.
Le linn dó bheith ag labhairt faoi fhoilsiú na Tuarascála Speisialta maidir le Sábháilteacht agus Leas Leanaí i Soláthar Díreach, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, an Dr. Niall Muldoon:
“Bunaíodh an OOL beagnach 20 bliain ó shin agus níor tharla sé riamh gur chuireamar Tuarascáil Speisialta faoi bhráid an Oireachtais. Beidh an dóigh a gcaithimid le leanaí a thagann chun na tíre seo ina saincheist shonrach dár nglúin, agus mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, is dona an bhreith a thabharfar orainn sa todhchaí.
“In 2021 d’fhoilsigh mé imscrúdú ar shábháilteacht agus leas leanaí i Soláthar Díreach. Is eol dúinn go léir gur athraigh an tírdhreach go suntasach ó shin le briseadh an chogaidh san Úcráin. Ach is ionann caighdeáin easnamhacha in 2021 agus caighdeáin easnamhacha fós in 2023. Ní féidir linn ligean do mhéid nach raibh maith go leor i dtuairim gach duine éirí ina mhéid inghlactha go simplí ós rud é go bhfuil sé níos fearr ná pubaill, nó níos fearr ná dada. Táimid faoi chomaoin ag na leanaí seo meas níos mó ná sin a bheith againn oraibh agus mar náisiún ní mór dúinn ísliú caighdeán a sheachaint le linn na géarchéime seo.
“Níl sé mar chuspóir na tuarascála seo náire a chur ar an Rialtas ach chun é a spreagadh chun aird a choinneáil ar na gealltanais a bhí aontaithe aige féin in 2021. I ndáiríre, tá súil agam, tríd an tuarascáil a fhoilsiú, ní hamháin go mbeimid ag tacú leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige ach go mbeimid ag spreagadh an Rialtais iomláin chun gaisce a dhéanamh, agus tiomantas a thabhairt do chomhoibriú, chun an cás seo a fheabhsú.
“Tá súil agam go mbeidh an tuarascáil seo, in éineacht le comhairle láidir ón gCoiste Comhairleach um an bPáipéar Bán, ina spreagadh don Rialtas chun beart a dhéanamh agus machnamh a dhéanamh ar phlean meántéarma agus fadtéarma a n-éireoidh leis.”
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir
Faigh an Tuarascáil Speisialta iomlán anseo
Léigh imscrúdú 2021 dár gcuid ar Shábháilteacht agus Leas Leanaí i Soláthar Díreach anseo.
Teagmhálaí na meán
Aoife Carragher
Ceannasaí Cumarsáide
087 148 4173/ aoife.carragher@oco.ie
- 18 Deireadh Fomhair 2023
- Cineál: Preaseisiúint
- Ábhar: Tithíocht, Inimirce