Skip to main content

Tá tú anseo:

Rabhadh tugtha ag an Ombudsman do Leanaí maidir le tionchar fadtéarmach na heaspa dídine ar leanaí

“Ghoill sé go mór orm ach, ar an drochuair, níor chuir sé ionadh orm a fháil amach inniu gur leanaí gan dídean iad breis agus 800 de na leanaí ar cuireadh cóir leighis orthu i Rannóg Éigeandála Ospidéal Shráid Temple in 2018. Tá géarchéim ollmhór ar siúl anois agus 3,811 leanbh gan dídean i mí na Samhna 2018.

“Le tamall anus tá mo chuid imní agus alltacht á chur in iúl maidir le líon an leanaí, ar líon é atá ag méadú i gcónaí, ag cur fúthu i gcóiríocht do dhaoine gan dídean, agus táim tar éis rabhadh a thabhairt go mbainfidh tionchar suntasach fadtéarmach ar shláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte na leanaí sin.

“Tá Oifig an Ombudsman do Leanaí i mbun comhairliúcháin faoi láthair le leanaí agus daoine óga atá ag maireachtáil i moil teaghlaigh chun ceisteanna a chur orthu faoina n-eispéiris. Foilseofar torthaí an chomhairliúcháin seo sna míonna atá amach romhainn ach is ríshoiléir é go bhfuil tionchar fíordhiúltach á imirt ar dhaoine óga toisc iad a bheith gan dídean agus ag maireachtáil i dtimpeallacht neamhsheasmhach. Tuairiscíodh cásanna éagsúla dúinn, lena n-áirítear an t-uathachas, moilleanna forbartha, fadhbanna mothúchánacha ceangail, féindochar agus gortú tionóisceach.  Táimid ag caint go díreach le leanaí chomh hóg agus 5 bliana d’aois agus tá siad in ann a chur in iúl dúinn an tionchar atá á imirt orthu de bharr maireachtála in aon seomra amháin lena dteaghlach ar fad.

“Dúirt leanaí agus tuismitheoirí ar bhuaileamar leo liom go bhfuil an rialú infhabhtuithe ina fhadhb mór sna moil teaghlaigh agus víris á gcur timpeall i gcónaí. Bíonn ar thuismitheoirí, nach bhfuil rochtain acu ar chuisneoir pearsanta, antaibheathaigh a chrochadh amach an fhuinneog chun a chinntiú go bhfanann siad fuar agus go mbeidh siad éifeachtach dá leanaí.  Sin sampla den trioblóid atá tuismitheoirí ag cur orthu féin.

“De réir fhigiúirí an lae inniu, tháinig 85% de na leanaí sin go dtí an t-ospidéal le fadhbanna amhail pian sa bholg, teocht ard, infhabhtú cliabhraigh, asma, taomanna agus urlacan – riochtaí inar cheart leanaí a scaoileadh abhaile ionas go dtiocfaidh biseach orthu ina leapacha féin, ní chun leaba a chomhroinnt le deartháir, deirfiúir nó tuismitheoir.

An 23% a cuireadh i láthair le fadhbanna eile lena n-áirítear tráma nó féindochar, ba cheart dóibh aird iomlán a dtuismitheoirí nó cúramóirí a bheith acu, ní an aird is fearr is féidir le tuismitheoir bocht a thabhairt dóibh agus iad faoi strus cheana féin agus faoi bhrú ag maireachtáil ó lá go lá ag iarraidh díon a choinneáil os a gcionn.

“Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’Ospidéal na Leanaí, Sráid Temple as na sonraí seo a thiomsú agus béim a chur ar na hiarmhairtí díreacha ar leanaí agus daoine óga de dheasca bheith ag maireachtáil i gcóiríocht do dhaoine gan dídean. Molaim d’ospidéil eile do leanaí an rud céanna a dhéanamh ionas gur féidir linn an pictiúir iomlán a fheiceáil.

“Caithfear tuilleadh a dhéanamh chun tacú le leanaí agus a dteaghlaigh agus iad ag dul tríd an eispéireas trámach seo. Is gá tithe a thógáil agus ní mór do chóiríocht ina bhfuil leanaí ag fanacht bheith ag caighdeán leordhóthanach, ach caithfear iarracht sonrach agus acmhainní sonracha a dhíriú ar thacaíocht a thabhairt do na leanaí seo atá sáite i gcúinsí nach bhfuil neart acu orthu. Táim buartha go mbeidh torthaí na géarchéime seo le feiceáil go ceann na mblianta."