Skip to main content

Tá tú anseo:

Imní curtha in iúl ag an Ombudsman do Leanaí maidir le húsáid mhíchuí an tráthchláir laghdaithe i scoileanna

Beidh an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon os comhair Choiste an Oireachtais um Oideachas agus Scileanna Déardaoin an 13 Meitheamh, áit a gcuirfidh sé a imní in iúl maidir le húsáid mhíchuí an tráthchláir laghdaithe i scoileanna.

Ag labhairt leis roimh dó bheith os comhair an Choiste, dúirt Niall:

“Tá imní orm maidir leis an úsáid mhíchuí dar liom féin atá á baint as an tráthchlár laghdaithe i scoileanna mar fhionraí neamhfhoirmiúil chun déileáil le hiompar atá deacair don scoil a láimhseáil sa seomra ranga.

“Faoi láthair is rud dofheicthe í úsáid an tráthchláir laghdaithe. Níl ann do threoirlínte maidir lena úsáid, níl ann do threoir maidir lena thaifeadadh agus níl ann do mhonatóireacht seachtrach ar bith. Mar sin, níl maoirsiú ar bith á dhéanamh ar a úsáid i scoileanna aonair.

“Tugann fianaise starógach le fios go bhfuil tionchar neamhchomhréireach á imirt ar chohóirt áirithe leanaí trí thráthchláir laghdaithe a úsáid, lena n-áirítear leanaí faoi mhíchumas, leanaí a bhfuil deacrachtaí mothúchánacha agus iompair acu nó leanaí ó chúlra cultúrtha éagsúil amhail pobail an Luchta Siúil nó na Romach. Leis an gcóras reatha, ní féidir a chinntiú an amhlaidh ata cúrsaí i ndáiríre agus cé chomh mór is atá an tionchar ar na grúpaí seo.

“Tá sé ríthábhachtach a mhíniú go soiléir go n-úsáidtear tráthchláir laghdaithe mar idirghabháil dhearfach i gcúinsí eisceachtúla chun tacú le leanaí le linn tréimhse fíordheacra nuair a bheadh lá iomlán ar scoil ina dhúshlán dosháraithe. Féadfaidh sé a bheith ina chleachtas páisteláraithe chun oideachas an linbh a éascú go dtí go mbeidh siad in ann filleadh ar an scoil go lánaimseartha.“Fiú sna cúinsí seo áfach, is gá cosaintí a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go gcuirtear teorainn ama leis an tráthchlár laghdaithe, go n-úsáidtear é chun leasa an linbh agus go gcuirtear i bhfeidhm é gan brú a chur ar thuismitheoir nó caomhnóir an linbh.

“Táim den tuairim gur cheart don Rialtas creat reachtúil a leagan amach maidir le tráthchláir laghdaithe a úsáid agus gur cheart monatóireacht náisiúnta a dhéanamh air sin chun sonraí a bhailiú. I gcás go bhfuil tráthchláir laghdaithe á n-úsáid go hiomchuí, ba cheart acmhainní breise a chur ar fáil do na comhlachtaí ábhartha lena n-áirítear na Seirbhísí Leasa Oideachais, an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais agus an tSeirbhís Náisiúnta Tacaíochta Iompraíochta.

“Nuair a bhaintear úsáid fhaidréiseach as tráthchláir laghdaithe mar bheart eisiatach, d’fhéadfaí tionchar tromchúiseach a mhaireann i bhfad a imirt ar na leanaí i gceist. Seans go mbraitheann siad nach bhfuil siad ag teastáil ó phobal na scoile, seans go bhféachfaidh a bpiaraí orthu mar dhaltaí ‘difriúla’, seans nach bhféachfaidh siad a thuilleadh ar an scoil mar áit dhearfach agus seans go n-éireoidh siad as an scoil ar fad ar fad. Féadfaidh sé cur isteach freisin ar shaol an teaghlaigh. Is fadhb mhór í seo a chaithfear dul i ngleic léi chun leasa na leanaí agus na scoileanna.”

CRÍOCH