Tá tú anseo:
Rinne an OOL éilimh go gcuirfí Córas Leanbhlárnach Dlí agus Cirt i bhfeidhm i gcúirteanna na hÉireann, agus is mar thoradh air sin a tugadh bearta nua isteach do chosantóirí óga leanaí
- 30 Aibreán 2025
- Cineál: Preaseisiúint
- Ábhar: Ceartas Óige
Chuaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) i mbun cainte leis an Roinn Dlí agus Cirt agus mar thoradh air sin tugadh seirbhís nua tionlacain cúirte isteach do chosantóirí óga, agus beidh an tseirbhís nua seo á cur i bhfeidhm i mbreis agus 100 tionscadal athstiúrtha don óige ar fud na tíre i rith na bliana 2025. Foilsíodh tuarascáil de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí inniu (an 30 Aibreán 2025), tuarascáil dar teideal Córas Leanbhlárnach Dlí agus Cirt: Rochtain ag cosantóirí óga ar cheartas i gcóras cúirte na hÉireann. Tugtar cuntas sa tuarascáil seo ar an easpa tacaíochta a bhí ar fáil roimhe seo do chosantóirí óga chomh maith le cuntas ar an obair atá déanta ag an oifig chun dul i ngleic leis an easnamh sin.
Ag labhairt di sular foilsíodh an tuarascáil, dúirt Stiúrthóir Imscrúduithe an OOL, Nuala Ward:
"D’inis leanaí dúinn, le linn na gcuairteanna a thugamar ar Champas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh, nár thuig siad i gcónaí a raibh á iarraidh orthu, nó a raibh á rá fúthu, sa chúirt. Léirigh ionadaithe a bhí ag obair le leanaí an imní chéanna agus thug siad le fios go bhféadfadh méadú ar rátaí athchiontaithe a bheith mar thoradh ar an easpa tuisceana seo.
Chuir an OOL an cheist seo faoi bhráid na Roinne Dlí agus Cirt agus bhí toradh an-dearfach air sin. Tá tacaíochtaí nua le cur ar fáil do leanaí a thugtar os comhair na cúirte.
“Ciallóidh an t-athrú go dtabharfar rochtain ar an tacaíocht seo do gach duine óg atá os comhair na gcúirteanna (Cúirt Dúiche/Cuarda/ Leanaí). Beidh láithreacht aici sa Chúirt Choiriúil freisin agus tá sé san áireamh sa phrótacal nua chun dlús a chur le cásanna éignithe agus dúnmharaithe a bhaineann le híospartaigh agus cosantóirí faoi 18 mbliana d’aois.
“Tá cineálacha eile imeachtaí cúirte ann ina mbíonn leanaí ina bhfinnéithe, mar shampla cásanna dlí teaghlaigh nó cásanna a bhaineann le horduithe cúraim, ach bíonn rochtain ag an leanbh sin ar an tSeirbhís Caomhnóirí ad Litem agus ar an tSeirbhís Tacaíochta Tionlacain do Leanaí (ASSC). Ní mar sin a bhí sé do chosantóirí óga agus ní raibh sé sin ceart ná cóir.
Táimid dóchasach go mbeidh córas dlí agus cirt a thacaíonn níos fearr le leanaí againn mar thoradh ar an tacaíocht nua seo a bheith ar fáil.
"Dírítear ar chás John* inár dtuarascáil. D'inis sé dúinn go raibh tacaíochtaí breise ar fáil dó sa bhunscoil chun cabhrú leis na hábhair éagsúla a thuiscint, ach ba dheacair leis an méid a bhí á rá sa chúirt a thuiscint i gceart gan tacaíochtaí breise a bheith ar fáil, an téarmaíocht dhlíthiúil go háirithe.
"Labhraíomar le Tara* freisin. Dúirt sise linn go mbíonn imní uirthi nuair a bhíonn sí ag caint le gairmithe dlí agus leis na Gardaí agus dá bhrí sin, gur ghlac sí le coinníollacha bannaí nach raibh tuiscint iomlán aici orthu.
“Is gá córais dlí a thacaíonn le leanaí a bheith i bhfeidhm chun a chinntiú go mbíonn imeachtaí cúirte a thacaíonn le leanaí ar fáil, imeachtaí ina gcuirtear san áireamh aois an linbh, a riachtanais speisialta, a leibhéal tuisceana agus aon deacrachtaí cumarsáide a d’fhéadfadh a bheith aige/aici, agus chun a chinntiú freisin go mbíonn luas agus struchtúr na seisiún cúirte in oiriúint do chumas cognaíocha an linbh.
“Tá an OOL an-sásta leis an bhfreagra dearfach leanbhlárnach a thug an Roinn Dlí agus Cirt tar éis dúinn an cheist seo a phlé leo. Is mór againn freisin an tacaíocht a fuaireamar ó na Breithiúna trí Uachtarán na Cúirte Dúiche.
"Tá súil againn go gcuirfear feabhsuithe dearfacha i bhfeidhm do leanaí mar thoradh ar na hathruithe seo."
DEIREADH
- 30 Aibreán 2025
- Cineál: Preaseisiúint
- Ábhar: Ceartas Óige