Skip to main content

Tá tú anseo:

Níos Mó Ná Scoil

Cad atá i gceist:

Tá níos mó i gceist le scoil ná foghlaim amháin, baineann sé le cairde, baineann sé le spórt, baineann sé le bheith mar chuid de phobal.

Chualamar ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí, ó cheardchumainn agus ón Roinn Oideachais. Anois ba mhaith linn cloisteáil go díreach uaitse, ó leanaí agus ó dhaoine óga.

Inis dúinn conas a bhraitheann tú faoi dhul ar ais ar scoil. An bhfuil tú sásta? An bhfuil tú neirbhíseach? Cad a bhfuil súil agat leis?

Cad é an rud is fearr leat faoi scoil? Conas a d’athraigh an scoil le linn na paindéime? Cé hé do Laoch Scoile Covid-19? Conas mar atá an scolaíocht bhaile i ndáiríre?

Conas a bheith páirteach ann:

Táimid ag iarraidh ar dhaltáí atá ag filleadh ar scoil físeán, grianghraf, ráiteas, ríl a sheoladh chugainn – aon rud a léiríonn cad a chiallaíonn dul ar ais ar scoil duitse.

Inis do scéal dúinn.

Chun páirt a ghlacadh seol ríomhphost chuig communications@oco.ie nó déan teagmháil ar Whatsapp ag 087 102 9039.

Teastaíonn uainn cloisteáil ó gach aois, ó gach cearn den tír. Má tá riachtanais bhreise agat nó má theastaíonn cabhair uait chun páirt a ghlacadh, déan teagmháil linn agus cabhróimid leat.

Beidh #NíosMóNáScoil ar siúl go dtí an 12ú Aibreán. Roghnóidh ár bPainéal Comhairleach don Aos Óg 4 duine sa dara háit agus buaiteoir foriomlán amháin. Tá ipad agus duaiseanna iontacha eile le buachan.

Nuair a sheolann tú d’iontráil déanfaimid teagmháil leat chun cead a fháil uait féin agus ó do thuismitheoirí chun é a roinnt ar líne nó ar ár gcuntais meán sóisialta. Mura bhfaighimid cead, ní bheimid in ann d’iontráil a úsáid agus beidh orainn é a scrios onár dtaifid. Cuimhnigh, má roinneann tú eolas a thugann le fios dúinn go bhfuil tú i mbaol nó i mbaol gortaithe, caithfimid é seo a fhiosrú.