Skip to main content

Tá tú anseo:

Leagann tuarascáil OCO béim ar chóras atá i ngéarchéim do leanaí faoi chúram

Leagann tuarascáil OCO béim ar chóras atá i ngéarchéim do leanaí faoi chúram

“Is cuma le gach duine.”

“Dá mbeinn sa Rialtas, gheobhainn réidh le Socruithe Éigeandála Speisialta (SEAnna), tá siad ag scriosadh saoil leanaí.”

Braithim an folús agus an meáchan a bhaineann le gan aithne cheart a chur ar mo dheirfiúracha sna blianta múnlaitheacha atá acu.”

 Bhí guthanna cuid de na leanaí atá faoi chúram le cloisint i dtuarascáil an OCO.

Tugann tuarascáil nua ó Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) léargas ar mhéid iomlán na géarchéime ar fud chóras cúraim na hÉireann do leanaí, ag nochtadh córas atá tearcmhaoinithe go seasta agus ina dtarlaíonn cuid de na sáruithe is doimhne ar a gcearta. Déanaimis i gCeart É – léiríonn fís atá bunaithe ar chearta do leanaí faoi chúram an chaoi nach bhfuil an córas ag feidhmiú ar mhaithe le leas gach linbh faoi láthair, in ainneoin iarrachtaí is fearr na foirne san earnáil. Creideann an OCO, áfach, go bhfuil fíordheis ann anois athrú uair amháin sa ghlúin a dhéanamh ar ár gcóras cúraim le forbairt na chéad Straitéise um Chúram Malartach riamh de chuid an Rialtais agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht 25 bliain d’aois atá mar bhonn agus thaca ag cosaint leanaí in Éirinn. Déantar roinnt moltaí i dtuarascáil an OCO thar ocht bpríomhréimse do leanaí faoi chúram, agus tá súil aici go léireofar iad i bpleananna an Rialtais atá le teacht níos déanaí i mbliana. Tá an OCO tiomanta freisin do scáth-thuarascáil a fhoilsiú gach dhá bhliain chun monatóireacht agus rianú a dhéanamh ar dhul chun cinn tiomantais an Rialtais.

Tá beagnach 6,000 leanbh faoi chúram an Stáit faoi láthair. Agus na dúshláin don chóras á gcur i láthair, cuireann an OCO fís cheartbhunaithe i láthair do cheann a chosnaíonn, a thugann urraim agus a chomhlíonann cearta gach linbh atá faoi chúram. Chun é sin a bhaint amach, ní mór dúinn leanúint de chúram teaghlaighbhunaithe a sholáthar agus tacú leis, agus ag an am céanna soláthar poiblí roghanna um chúram malartach ardchaighdeáin a chinntiú le maoirseacht láidir. Áirítear ar mholtaí OCO infheistíocht i seirbhísí luath-idirghabhála teaghlaigh agus coisctheacha, chomh maith le tacaíocht a mhéadú do chúramóirí altrama agus aitheantas a thabhairt do chúramóirí gaoil; cosc a chur ar leanaí a bheith lonnaithe i gcóiríocht neamhrialaithe agus deireadh a chur le húsáid Socruithe Éigeandála Speisialta (SEAanna); agus an gá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar mhaoiniú Tusla ionas gur féidir leis raon feidhme leathan a shainchúraim a chur i gcrích agus a chinntiú go bhfuil dóthain acmhainní ann chun leanaí a choinneáil sábháilte agus cúram cuí a thabhairt dóibh. Cé gurb í an Roinn Leanaí, Míchumais agus Comhionannais an phríomh-Roinn, ní éireoidh le plean nua an Rialtais ach amháin má théann gach Roinn Rialtais agus Gníomhaireacht taobh thiar de ionas gur féidir le gach leanbh sa chóras cúraim a gcumas a bhaint amach.

Agus é ag trácht ar  Déanaimis i gCeart É – Fís ceartbhunaithe do leanaí faoi chúram, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon:

“Nuair a thugann an Stát cúram do leanbh, tá sé á acu gur féidir linn níos fearr a dhéanamh don leanbh sin. Ach in ainneoin dhíograis na foirne san earnáil, feicimid trí ghearáin chuig ár nOifig gach bliain agus na scéalta nuachta agus tuairiscí uafásacha sna meáin, go mbíonn leanaí faoi chúram á ligean síos rómhinic. Tá sé scanrúil freisin gur bhraith baill de na breithiúna go raibh iallach orthu labhairt amach go minic faoi phráinn an cháis do leanaí faoi chúram.

“Táimid ag iarraidh ar an Rialtas cúram teaghlaighbhunaithe a dhéanamh mar bhunchloch an Phlean Náisiúnta um Chúram Malartach nua. Tá a fhios againn go n-éiríonn le leanaí i dteaghlaigh altrama agus i gcúram gaoil, ach ní mór dúinn a chinntiú go dtugtar tacaíocht cheart do na teaghlaigh seo. I gcás leanaí agus daoine óga a dteastaíonn cúram cónaithe uathu, ní mór don phlean nua aistriú ó sholáthraithe príobháideacha i dtreo infheistíochta i seirbhísí ardchaighdeáin a chuirtear ar fáil go poiblí.  Ba mhaith linn freisin bearta a fheiceáil a chuirtear i bhfeidhm do leanaí atá i mbaol sáruithe ar chearta, amhail leanaí neamhthionlactha agus scartha agus leanaí faoi mhíchumas, agus cearta leanaí a bheith i gcroílár an chórais  trí UNCRC a ionchorprú sa dlí intíre.

“Leagtar béim inár dtuarascáil freisin ar na dúshláin atá ann faoi láthair sa chóras agus ar na hábhair imní atá againn maidir leis an leibhéal maoinithe atá á chur ar fáil do Tusla. Is deacair a thuiscint cén fáth, in ainneoin méadú os cionn 100% ar atreoruithe le deich mbliana anuas agus sainchúram méadaithe le himeacht ama, nach bhfaigheadh Tusla ach 48% den mhéid a d’iarr sé i meastacháin réamhbhuiséid idir 2021 agus 2026. In éineacht leis na héilimh eile atá os comhair Tusla amhail ganntanas oibrithe sóisialta agus áiteanna um chúram malartach, agus tosca domhanda amhail an cogadh san Úcráin, tá gá soiléir le hathbhreithniú a dhéanamh ar an leibhéal maoinithe do Tusla chun a chinntiú nach gcuirtear isteach ar a chumas leanaí a chosaint agus cúram a thabhairt dóibh.

“Is cuid lárnach dár dtuarascáil é taithí na leanaí a tháinig i dteagmháil leis an OCO thar na blianta, agus ar chuidigh a dtaithí lenár moltaí a mhúnlú. James* (16) a coinníodh in Aonad Cúraim Speisialta ar feadh trí bliana nuair nach raibh aon áit oiriúnach ar fáil dó; Jasmine* (15), a cuireadh i staid anordúil in SEAnna, ag dul ar iarraidh arís agus arís eile agus ag fulaingt ionsaí gnéasach; agus deartháireacha Luke* agus Aaron*, 4 agus 5 bliana d'aois, a cuireadh i gcúram cónaithe áit a raibh orthu a socrúchán a roinnt le déagóirí, toisc nach raibh aon socrúchán cúraim altrama ar fáil dóibh.

“Tá an oiread sin sáraithe ag leanaí atá faoi chúram cheana féin ina saol gearr, mar sin nuair a ghlacann an Stát ról an tuismitheora, tá sé de dhualgas orthu a chinntiú go ndéanann sé amhlaidh, agus iad cinnte go hiomlán gur féidir leis na saolta sin a fheabhsú.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

* Tugadh ainmneacha bréige do na leanaí a bhí le haithint sna cás-staidéir ar fud ár dtuarascáil chun a bhféiniúlacht a chosaint.