Skip to main content

Tá tú anseo:

Cás Jack: Tar Éis Bliana, tá ag éirí go maith leis an leanbh faoi mhíchumas, ach níl tacaíochtaí ann do gach páiste

Cás Jack foilsithe inniu ag Oifig an Ombudsman do Leanaí: Tar Éis Bliana, an t-eolas is déanaí maidir lenár bhfiosrúchán maidir le cúram buachalla óig atá faoi mhíchumas trom a rinneadh damáiste dá inchinn agus a gortaíodh go huafásach é de bharr taisme chairr nuair a bhí sé níos óige. Thaispeáin torthaí an fhiosrúcháin a rinne Oifig an Ombudsman do Leanaí (OCO) sa bhliain 2020 go raibh lochtanna suntasacha maidir le láimhseáil cúraim Jack ag an FSS agus Tusla. Chaith an buachaill os cionn dhá bhliain san ospidéal, gan ghá, nuair ba chóir dó a bheith sa bhaile. Glacadh go hiomlán le moltaí a rinne an OCO maidir le cúram Jack, agus an córas tríd is tríd, ag an dá ghníomhaireacht Stáit ag an am. Tar éis bliana, tá ag éirí go maith le Jack, atá naoi mbliana d’aois anois agus é ina chónaí lena theaghlach óstach agus tá sé ag freastal ar scoil. Tá faoiseamh á fháil aige agus tá sé in ann cumarsáid a dhéanamh ar bhealach níos fearr. Cuireann sé sin in iúl go bhfuil feabhas mór tagtha ar cháilíocht beatha Jack chomh maith le caighdeán a chúraim. 

Tá an OCO buartha go fóill, áfach, go bhfuil bearnaí fós ann maidir le beartas, maoiniú agus leibhéal oibríochtúil chun cearta leanaí faoi mhíchumas a thacú go bhfásann siad aníos sa bhaile. Áirítear leis sin cliseadh Comhroinnte Tí a rialú, chomh maith le easpa sonraí agus léargais ar riachtanais leanaí faoi mhíchumas in Éirinn. 

Dúirt Stiúrthóir Imscrúduithe an OCO, Nuala Ward faoin tuarascáil:

“Is sampla ón bhfíorshaol é cás Jack faoin méid is féidir a bhaint amach nuair atá leanbh faoi mhíchumas sa timpeallacht cheart agus na tacaíochtaí agus an cúram ceart acu, agus nuair a chomhordaíonn agus a oibríonn gníomhaireachtaí Stáit le chéile i gceart. Thug ár bhfoireann cuairt ar Jack agus táimid breá sásta leis an gcaoi atá ag éirí leis ó a bhuaileamar leis den chéad uair sa bhliain 2019. Tá sé soiléir go bhfuil ag éirí go maith le Jack agus é lena theaghlach óstach, áit a bhfuil cúram seasmhach, ardchaighdeáin á fháil aige a fhreastalaíonn ar a riachtanais, mar atá de cheart aige. Freastalaíonn sé ar scoil cúig lá in aghaidh na seachtaine agus tá comhscoláirí aige. Rinne sé a Chéad Chomaoineach le déanaí lena chairde. Thug dochtúirí Jack faoi deara go bhfuil biseach suntasach tar éis teacht ar a shláinte le 18 mí anuas agus cuirimid fáilte chroíúil roimh na hiarrachtaí a rinne gach duine a bhí páirteach i gcúram Jack.

“Creidimid gur cheart go mbeadh na tacaíochtaí agus an cúram ceart ag gach leanbh faoi mhíchumas, ar nós Jack, chun a gcumas a bhaint amach ionas nach bhfuil aon leanbh fágtha le dul in olcas in ospidéal nuair nach bhfuil aon ghá leis. Cé go gcuirimid fáilte roimh fheabhsuithe a rinneadh ó foilsíodh ár bhfiosrúchán ar chúram Jack don chéad uair, táimid fós buartha go bhfuil bearnaí suntasacha fós ann ar leibhéal náisiúnta. Tá grúpa mór leanaí faoi mhíchumais a bhfuil seirbhísí fós de dhíth orthu agus tá líon beag leanaí fós san ospidéal atá thar riachtanas leighis ar feadh tréimhse ama nach bhfuil inghlactha.

 

“Táimid fós buartha go bhfuil Comhroinnt Tí neamhrialaithe go fóill agus dár réir sin, bíonn leanaí agus teaghlaigh óstacha fágtha gan an tacaíocht agus an chosaint chéanna a thugtar i socrú Cúraim Altrama. Is é ár dtuairim go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh fás aníos lena dteaghlaigh nó i dtimpeallacht baile agus níor cheart go mbeadh bac air sin mar gheall ar easpa acmhainní agus/nó comhordaithe cuí ag seirbhísí Stáit. Creidimid mar sin go bhfuil maoiniú imfhálaithe de dhíth chun an ceart sin a thacú agus ba mhaith linn go mbeadh buiséid ilbhliantúla curtha i bhfeidhm ar son seirbhísí do leanaí faoi mhíchumas chun pleananna a dhéanamh le haghaidh riachtanais intuartha a bheifí ag súil leo le linn na bliana.

“Léiríonn an t-athrú i gcás Jack cé chomh éifeachtach agus atá seirbhísí an Stáit do leanaí faoi mhíchumas nuair atá na córais chuí i bhfeidhm. Táimid an-bhuartha nach bhfuil athbhreithniú náisiúnta ar an riachtanas le cúram malartach do leanaí faoi mhíchumas curtha i gcrích go fóill ag an FSS agus Tusla agus go bhfuil moill shuntasach maidir le cur i bhfeidhm creata le haghaidh measúnaithe iomlánaíoch ar chúinsí linbh agus teaghlaigh. Tá súil againn go ndéileálfaidh leis na hábhair imní atá fágtha agus atá leagtha amach sa tuarascáil seo ar bhonn práinne atá de dhíth chun dul i ngleic leis na bearnaí atá fágtha ionas go mbeidh gach leanbh faoi mhíchumas in ann a gcumas a bhaint amach, ar nós Jack.