Skip to main content

Tá tú anseo:

“Tá a fhios agam gur teach é, ach ní baile é” Moil Teaghlaigh trí shúile na leanaí atá ag maireachtáil iontu

Inniu (Déardaoin 18 Aibreán) d’fhoilsigh Oifig an Ombudsman do Leanaí tuarascáil dar teideal There’s No Place Like Home ina leagtar amach tuairimí agus eispéiris leanaí atá ag maireachtáil i Moil Teaghlaigh.

Sa tuarascáil, léirítear tuairimí 80 leanbh atá ag maireachtáil in 8 Mol Teaghlaigh i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i Luimneach.  Chuaigh Oifig an Ombudsman do Leanaí i gcomhairle le leanaí idir 5 bliana agus 17 mbliana d’aois, chomh maith le tuismitheoirí leanaí faoi bhun 5 bliana d'aois. Cuireadh ceisteanna ar na leanaí faoi na rudaí a thaitníonn leo ann, na rudaí atá dúshlánach agus na rudaí ar mhaith leo a athrú faoi na Moil Teaghlaigh.

Anseo thíos, tá cuid de na príomhthorthaí a tháinig as an gcomhairliúchán sin leagtha amach ag an Ombudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon, chomh maith lena phríomhthosaíochtaí maidir le hathrú:

“Mar chuid de fhreagairt an Rialtais ar an géarchéim tithíochta, tugadh isteach Moil Teaghlaigh - áitribh saintógtha nó oiriúnaithe go sonrach chun cóiríocht a thabhairt do leanaí agus teaghlaigh gan dídean. Go dtí seo, ní raibh pictiúr soiléir againn ar eispéiris na leanaí atá ag cur fúthu iontu.

“D’inis leanaí dúinn ina bhfocail féin faoi sheomra a chomhroinnt lena dtuismitheoirí agus siblíní, faoi dhul ar scoil ó Mhol Teaghlaigh agus faoi staidéar agus obair bhaile a dhéanamh ann. D’inis siad dúinn faoi dhul a luí agus na soilse ar fad a mhúchadh toisc go bhfuil deartháir nó deirfiúir níos óige ag dul a chodladh. Luaigh na leanaí a labhair linn go leor fadhbanna amhail easpa spáis, easpa príobháideachais, fothram, gan a bheith in ann cuairteoirí a thabhairt ann, agus an náire a bhaineann le maireachtáil i Mol Teaghlaigh.

“Uaireanta bíonn orm dul ag léamh sa leithreas más maith le mo dheirfiúir dul a chodladh. Is breá liom an léitheoireacht, is é Harry Potter an leabhar is ansa liom.”  (Lena*, 9 mbliana d’aois)

“....coimeádann an fothram i mo dhúiseacht mé agus bíonn tuirse orm ar scoil. Braithim go bhfuil mo shúile ar tí dul a chodladh.”  (Chloe*, 7 mbliana d’aois)

“Ní deirim le daoine go bhfuilim ag cur fúm anseo, is mol do dhaoine gan dídean é ....is rud náireach é. Tá sé go hainnis, níl sé go deas”.  (Thomas*, 16 bliana d’aois)

“Tá a fhios agam gur teach é agus gach rud, ach ní baile é. Ní bhím ag súil riamh le teacht ar ais anseo.” (Anna*, 16 bliana d’aois)

Lean Niall leis:

“Aithníonn leanaí na hiarrachtaí atá déanta chun saoráidí a chur ar fáil dóibh agus thug siad an-mholadh don fhoireann a oibríonn sna Moil Teaghlaigh. Ach is í an teachtaireacht ollmhór a tháinig uathu na go bhfuil a mbaile féin ag teastáil uathu.

“Bunaithe ar na freagraí a thug na leanaí in No Place Like Home, táim tar éis roinnt tosaíochtaí a lua lena n-athrú.

“Taim den tuairim go bhfuil an t-am tagtha chun an comhrá a chur ar aghaidh maidir le ceart sonrach chun na tithíochta a bheith luaite inár mBunreacht.

“I ndiaidh dhá bhliain agus infheistíocht suntasaí, is gá measúnú foirmiúil neamhspleách a dhéanamh ar Mhoil Teaghlaigh. Cad é an plean fadtéarmach maidir le Moil Teaghlaigh agus cén toradh a bhainfidh leo?

“I gcás go bhfuil teaghlaigh i Mol Teaghlaigh, is gá teorainn ama reachtúil chomh maith le caighdeáin a rialaítear go neamhspleách a chur i bhfeidhm.

“Is gá feabhas a chur ar shonraí a bhailiú freisin agus ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil na sonraí sin iomlán trédhearcach chun bonn eolais a chur leis na cinntí cearta chun leasa daoine gan dídean, go mór mór na leanaí.

“Ní féidir linn a ligean dár leanaí cur suas le mothúchánacha láidre amhail náire, ciontacht agus fearg toisc iad a bheith gan dídean, gan aon locht orthu féin mar gheall air sin.

CRÍOCH