Skip to main content

Tá tú anseo:

Easpa Dídine ina fadhb mhór do leanaí - an tOmbudsman do Leanaí

Inniu (Dé Céadaoin), bhí an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon, i láthair Choiste an Oireachtais um Leanaí agus Gnóthaí Óige chun tuarascáil Oifig an Ombudsman do Leanaí, No Place Like Home, agus an chaoi a bhfuil easpa dídine ag cur isteach ar leanaí a phlé.Ag labhairt leis i ndiaidh dó bheith os comhair an Choiste, dúirt Niall:

“An tseachtain seo caite, bhí mé os comhair Choiste an Oireachtais um Thithíocht chun easpa dídine a phlé agus tá an-áthas orm an deis a bheith agam an tseachtain seo a bheith os comhair an Choiste um Leanaí agus Gnóthaí Óige chun an ábhar céanna a phlé.

“Tá an easpa dídine ina fadhb mhór do leanaí anois, gan aon dabht ar bith. Tá breis agus 3,500 leanbh ina gcónaí anois i gcóiríocht éigeandála; tá siad i Moil Teaghlaigh, in óstáin agus i gcóiríocht Leaba is Bricfeasta, agus tá siad ag fanacht i socrúcháin shealadacha lena muintir. Níl cúinsí maireachtála seasmhacha ag na leanaí seo agus níl dabht ar bith ann ach go mbeidh tionchar buanseasmhach aige sin ar a bhforbairt agus ar a dtodhchaí.

Níl sé inghlactha a thuilleadh féachaint ar easpa dídine mar fhadhb an Aire Tithíochta agus na n-údarás áitiúla. Is gá cur chuige uile-Rialtais a ghlacadh chun dul i ngleic leis an easpa dídine agus chun tacaíocht a thabhairt do leanaí nach bhfuil baile acu.

“Agus mé ag labhairt os comhair an Choiste inniu, leag mé amach dóibh torthaí ár dTuarascála No Place Like Home ar comhairliúchán é le leanaí atá ag maireachtáil i Moil Teaghlaigh. Cheistíomar leanaí faoi na rudaí a thaitníonn leo ann, na rudaí atá dúshlánach agus na rudaí ar mhaith leo a athrú faoi Mhoil Teaghlaigh.

“Cé gur luaigh leanaí roinnt rudaí dearfacha lena n-áirítear an deis cairdeas a dhéanamh, chuir a gcuntais béim ar an tionchar diúltach a imrítear ar shaol an teaghlaigh atá ag maireachtáil ina leithéid de thimpeallacht: easpa príobháideachais; deacrachtaí dul a chodladh; deacrachtaí staidéir a dhéanamh; easpa deise dul ag súgradh; agus fadhbanna caidrimh a choinneáil le muintir agus le cairde.

“Ceann de na gnéithe is mó a bhí ina chúis imní ná cé chomh comhsheasmhach a bhí an dearcadh a léirigh leanaí go raibh náire orthu a bheith gan dídean agus a bheith ag maireachtáil i Mol Teaghlaigh.

Tháinig roinnt mór-réimsí chun cinn sa tuarascáil No Place Like Home ina bhfuil géarghá le hathrú; ina measc, an gá atá le measúnú foirmiúil neamhspleách a dhéanamh ar oiriúnacht na Mol Teaghlaigh; glao chun an Creat Náisiúnta um Chaighdeáin Cáilíochta Seirbhísí do Dhaoine gan Dídean a chur i bhfeidhm; agus an plé maidir leis an gCeart Bunreachtúil chun Tithíocht a chur chun cinn.

“Tá an-imní orm faoin tionchar láithreach agus fadtéarmach ar leanaí atá gan dídean - imríonn a leithéid de thráma tionchar ar a ndínit, ar a bhféinluach, ar a bhfolláine agus ar a gcearta.

Is éard atá i gceist leis an gceart chun tithíocht leordhóthanach a fháil ná ‘an ceart cónaí áit éigin go sábháilte, go síochánta agus le dínit, is ceart daonna bunúsach é a chaithfimid a chinntiú do leanaí uile in Éirinn.

CRÍOCH