Skip to main content

Tá tú anseo:

Ba cheart go gcuirfidh na treoirlínte maidir le tráthchláir laghdaithe cosc ar an gcleachtas a úsáid mar fhionraí neamhfhoirmiúil – an tOmbudsman do Leanaí

Tá an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon, tar éis fáilte a chur roimh fhógra an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, i ndáil le treoirlínte beartaithe a chur ar fáil maidir le tráthchláir laghdaithe a úsáid i scoileanna.

I mí an Mheithimh i mbliana, cuir mé mo chuid imní maidir le húsáid an tráthchláir laghdaithe in iúl don Chomhchoiste um Oideachais agus Scileanna. Ag an am sin, bhí úsáid an tráthchláir laghdaithe go hiomlán dofheicthe toisc nach raibh treoir ar bith ar fáil do scoileanna maidir lena úsáid, nó maidir le conas é a thaifeadadh i gcás go raibh a leithéid i bhfeidhm.

De réir fianaise starógach, bhí tráthchláir laghdaithe ag cur isteach go neamhchomhréireach ar chohóirt áirithe leanaí, leanaí atá soghonta amach is amach. Ina measc siúd, tá leanaí faoi mhíchumas, leanaí a bhfuil deacrachtaí iompair agus mothúchánacha acu nó leanaí ó chúlra cultúrtha éagsúil amhail an Lucht Siúil agus na Romaigh. Gan treoirlínte, ní féidir a chinntiú an amhlaidh ata cúrsaí i ndáiríre agus cé chomh mór is atá an tionchar ar na grúpaí seo.

“Cuirim fáilte is fiche roimh fhógra an Aire McHugh go bhfuil treoirlínte beartaithe ar fáil agus molaim dóibh siúd go léir i bpobal an oideachais dul i ngleic leo agus measúnú a dhéanamh orthu.

“Má chuirtear i bhfeidhm go hiomchuí iad, cuirfidh siad cosc ar úsáid an tráthchláir laghdaithe mar chineál fionraí neamhfhoirmiúil agus déanfaidh siad an fhadhb seo atá ina hábhar imní le fada a shoiléiriú.”

CRÍOCH