Skip to main content

Tá tú anseo:

Oideachas cothrom do leanaí ar dídeanaithe iad - An tOmbudsman do Leanaí

Tá imní curtha in iúl ag an Ombudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon, faoin soláthar oideachais don chlár do dhídeanaithe leanaí na Siria atá ag cur fúthu in Ionaid Fáilte agus Treorach Éigeandála in Éirinn. Bhí Niall ag labhairt i ndiaidh fhoilsiú Torthaí na Comhchigireachta agus na Seirbhíse Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) -Cuairteanna ar Shocrúcháin Oideachais in Ionaid Fáilte agus Treorach Éigeandála.

 

"Bunaíodh na hionaid sin mar áiteanna cónaithe gearrthéarmacha mar chuid de thréimhse treorach tosaigh ar feadh 3-4 mhí do na teaghlaigh sin fad is a bheidís ag fanacht lena n-athlonnú ar ais i gcodanna eile den tír. Mar sin féin tá roinnt de na teaghlaigh ag cur fúthu sna hionaid sin i bhfad níos faide ná mar a samhlaíodh a bheidís ag an tús, agus roinnt acu ina gcónaí sna hionaid suas le naoi mí. Níor bunaíodh an soláthar oideachais sna hionaid sin riamh le seasamh an t-achar sin.

 

"In 2017, thugamar cuairt ar thrí Ionad Fáilte agus Treorach Éigeandála a bhí i bhfeidhm ag an am. Le linn ár gcuairteanna, fuaireamar amach nach dtugann an Roinn Oideachais agus Scileanna aitheantas do na scoileanna sna hionaid sin. Ciallaíonn sé sin go mbíonn sé i bhfad níos deacra ag na hionaid rochtain a fháil ar na tacaíochtaí oideachais a theastaíonn chun na torthaí oideachais a uasmhéadú do na leanaí sin. Léirigh tuismitheoirí imní le linn ár gcuairteanna faoin oideachas atá á chur ar fáil dá gcuid leanaí. Bhí daoine a raibh níos mó ná sé mhí caite ag a gcuid leanaí sna hIonaid ag iarraidh a gcuid leanaí a chur isteach i scoileanna príomhshrutha; bhí imní orthu nach raibh a gcuid leanaí ag fáil rochtana ar sheirbhísí eile cosúil le haltraí nó fiaclóirí toisc nach raibh siad ar scoil, agus bhí imní orthu i roinnt ionad nach raibh na leanaí ag fáil an chineál teagaisc a bhí feiliúnach dá n-aois.

“Scríobh mé chuig an Roinn ag cur mo chuid imní in iúl agus mar fhreagra orm thug an Roinn Oideachais agus Scileanna cuntas ar an obair atá ar siúl ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais agus ag Cigireacht na Roinne Oideachais agus ar foilsíodh an tuarascáil seo dá mbarr. Tá spéis agam sna moltaí atá sa tuarascáil agus go mór mór an tsraith gníomhartha a aontaíodh idir an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus ag Seirbhísí Leasa Oideachais Tusla.

“Cé go n-aithnítear go háirithe sa tuarascáil seo caighdeán an teagaisc agus na foghlama sna hionaid sin, tacaím leis an moladh gur chóir teorainn ama a chur le tinreamh na leanaí ag na scoileanna seo, go dtí uasmhéid trí mhí agus go gcuirfí leanaí, go háirithe leanaí iarbhunscoile, i scoileanna príomhshrutha gan mhoill fad is atáthar ag fanacht lena n-athlonnú.

“Aontaím freisin nár chóir go mbeadh tionchar tromchúiseach ar na leanaí seo toisc nach bhfuiltear ag aithint na n-ionad oideachais seo mar scoileanna. Cuirim fáilte go háirithe roimh an tiomantas go mbeadh rochtain chothrom ag leanaí ar na tacaíochtaí riachtanacha go léir a bhíonn ag leanaí i scoileanna aitheanta lena n-áirítear rochtain ar an gComhairle Náisiúnta um Thacaíochtaí Oideachais Speisialta agus NEPS.

“Tá sé tábhachtach áfach go leantar suas na tiomantais sin. Ba cheart don Roinn Oideachais agus Scileanna go háirithe tuilleadh oibre a dhéanamh ar an bplean atá acu scoileanna áitiúla a chumasú agus a spreagadh chun na leanaí sin a chlárú agus a chinntiú go soláthraítear acmhainní breise ionas go bhfaigheann pobail agus ceannairí scoile an tacaíocht chun freastal do riachtanais na leanaí sin.

“Tugaim aitheantas don dul chun cinn atá déanta chun dul i ngleic leis an tsaincheist ach beidh mé fós ag lorg nuashonruithe ó na gníomhaireachtaí ábhartha maidir le dul chun cinn na ngníomhartha ón tuarascáil seo lena chinntiú go gcruthófar cothroime sna torthaí oideachais do na leanaí seo.

CRÍOCH