Skip to main content

Tá tú anseo:

Leanaí fágtha chun deiridh ag an téarnamh geilleagrach - Tuarascáil Bhliantúil 2018 de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí

Seolfaidh duine óg, Margaret Ward agus an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon Tuarascáil Bhliantúil 2018 de chuid Oifig an Ombudsman do Leanaí in Óstán Alex, Dé Máirt an 28 Bealtaine. Agus é ag labhairt roimh an tseolta, chuir an tOmbudsman do Leanaí a imní in iúl maidir lenár leanaí is soghonta a bheith fós i mbaol mór, d’ainneoin an feabhas atá tar éis teacht ar gheilleagar na hÉireann.

Arsa Niall:

“Is mór an frustrachas é nach bhfuil ár leanaí is soghonta ag baint leasa as an téarnamh geilleagrach cé go bhfuil líon níos mó daoine ag obair agus tuilleadh airgid ag an Rialtas. Baintear úsáid ar bhonn rialta as téarmaí amhail ‘Ionchuimsitheacht’ agus ‘Comhionannas’ach ní bhaineann siad le leanaí uile i gcúinsí uile.

“In 2018, fuair Oifig an Ombudsman 1,622 gearán thar ceann leanaí. Cé go bhfuil laghdú beag i gceist i gcomparáid le 2017, fanann líon na ngearán fós comhsheasmhach agus tagann na saincheisteanna céanna chun cinn arís is arís eile.

I mo cháil mar Ombudsman do Leanaí, feicim na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag comhlachtaí poiblí agus acu siúd atá ag obair ar an talamh chun beart de réir briathar a dhéanamh do leanaí faoina sainchúram. Cé gur rud amháin iad socruithe agus gealltanais oibre chun comhoibriú a dheanamh, tá sé in am áfach Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí a fheiceáil ag obair go comhsheasmhach le chéile ar son leanaí soghonta.

“Is fadhbanna fós do leanaí iad rochtain ar an oideachais dóibh siúd a bhfuil riachtanais bhreise acu agus an bhulaíocht, agus tá gearáin fós á bhfeiceáil againn maidir le hoideachas leanaí gan dídean nó leanaí atá i saoráidí cónaitheacha um meabhairshláinte.

“Tá méadú tar éis teacht i mbliana ar líon na ngearán Sláinte a bhaineann le liostaí feithimh atá fada nó nach bhfuil ag bogadh, agus gearáin arna ndéanamh thar ceann leanaí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu nó leanaí faoi mhíchumas.

“Tá sé deacair orm a rá go bhfuil gearáin fós á bhfáil againn maidir le cóiríocht iomchuí do leanaí, lena n-áirítear cóiríocht éigeandála, cóiríocht do leanaí faoi mhíchumas agus leithdháileadh do thosaíocht leighis.

“In 2018 chonaiceamar méadú i líon na leanaí a rinneadh gearáin linn go díreach agus is rud dearfach é sin; is é is cúis leis sin ná an méadú a rinne an oifig ar a gníomhaíocht for-rochtana. Táim go láidir den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go n-éisteann Comhlachtaí Poiblí agus Ranna Rialtais le daoine óga agus go gcloistear a dtuairimí. Mar sin, tá ríméad orm go bhfuil Margaret Ward liom chun an Tuarascáil Bhliantúil a sheoladh agus a tuairimí mar dhuine óg den Lucht Siúil a chomhroinnt.

“D’oibrigh m’fhoireann go dian dícheallach in 2018 chun béim a chur ar shaincheisteanna sonracha a dhéanann difear do leanaí trí thagairt a dhéanamh don reachtaíocht agus beartas atá le teacht, trí obair a dheanamh le comhlachtaí poiblí chun cabhrú leo feabhas a chur lena bpróisis ghearáin agus trí thuarascálacha a fhoilsiú maidir le príomhshaincheisteanna lena n-áirítear meabhairshláinte agus seirbhísí arna gcur ar fáil do leanaí faoi mhíchumas faoi chúram an Stáit. Táimid tar éis cur lenár n-oideachas um fheasacht ar chearta agus é a fhorbairt, táimid tar éis comhairliúchán a dhéanamh le leanaí agus táimid tar éis imeachtaí a reáchtáil ar mhaithe le cur le guthanna leanaí.

“Feicim go bhfuil go leor comhlachtaí poiblí agus gníomhaireachtaí ag obair go dian dícheallach chun feabhas a chur ar shaol na leanaí in Éirinn. Agus mo chúigiú bliain mar Ombudsman do Leanaí á tosú agam, áfach, braithim go gcaithfidh mé m’imní a chur in iúl go bhfuil deis á cailleadh. Toisc go bhfuil geilleagar cobhsaí againn anois, tá sé in am aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna stairiúla a chuireann isteach ar ár leanaí is soghonta. Is gá dúinn na tacaíochtaí agus seirbhísí atá tuilte do leanaí agus dá bhfuil leanaí i dteideal a chur ar fáil do leanaí faoi mhíchumas, leanaí gan dídean, leanaí a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu, leanaí de phobail an Luchat Siúil agus na Romach agus leanaí atá ag maireachtáil i Soláthar Díreach. Tá sé in am anois pleanáil a dhéanamh chun córas atá láidir agus ag feidhmiú go maith a thógáil chun freastal ar leanaí na hÉireann.

CRÍOCH

Nóta d’Eagarthóirí:

  • Cuimsítear i dTuarascáil Bhliantúil 2018 na cás-staidéir seo a leanas atá bunaithe ar ghearáin arna bhfáil ag an Oifig:
    • Rochtain ar Chúntóir Riachtanais Speisialta le haghaidh Alex - P. 14
    • Tacaíocht altranais le haghaidh Louise chun cabhrú léi dul ar scoil - P.14
    • Athruithe ar a plean iarchúraim gan a bheith curtha in iúl do Jenny - P.21
    • Diagnóis uathachais faighte ag Amy gan rochtain a fháil ar seirbhísí - P.25
    • Daniel gan tacaíochtaí baile - P.25
    • Cathaoir rotha nua le haghaidh Emily - P.26
    • Kate curtha i bharda síciatrach do dhaoine fásta - P.26
    • Baile iomchuí a fháil le haghaidh Cathy - P.34
  • Is comhlacht reachtúil neamhspleách í Oifig an Ombudsman do Leanaí a bhfuil sé de shainchúram foriomlán uirthi cearta agus leas leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois atá ag cur fúthu in Éirinn a chur chun cinn.
  • I measc príomhfheidhmeanna reachtúla Oifig an Ombudsman do Leanaí, tá imscrúdú neamhspleách agus neamhchlaonta a dhéanamh ar ghearáin arna ndéanamh ag, nó ar son, leanaí i leith comhlachtaí poiblí, chomh maith le heagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil ar son an Stáit.