Skip to main content

Tá tú anseo:

Athcheaptar an Dr Niall Muldoon le Ról an Ombudsman do Leanaí

: Rinne Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, an Dr Niall Muldoon a athcheapadh go foirmiúil lena ról ar feadh téarma eile.

Mhol an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtithe agus Óige, Roderic O’Gorman, T.D., an Dr Muldoon a athcheapadh agus ritheadh é i dTithe an Oireachtais an 3 Feabhra.

Ceapadh an Dr Muldoon, a d’oibrigh le cosaint leanaí ar feadh breis agus 20 bliain, ina Ombudsman do Leanaí an chéad uair in 2015. Ó shin i leith, fuair Oifig an Ombudsman do Leanaí (an OOL) thart ar 10,000 gearán agus chuir sé tús le 32 imscrúdú, agus tugadh faoi obair ar baineadh athrú sistéamach amach i limistéir cosúil le sláinte, oideachas, agus leas leanaí dá bharr.

Dúirt an Dr Muldoon, “Tá gliondar croí orm agus chuaigh sé go croí ionaim gur athcheapadh mé ar feadh sé bliana eile le ról an Ombudsman do Leanaí. Tá bród orm go raibh mé i gceannas ar fhoireann san Oifig a bhí chomh láidir sin le sé bliana anuas, tráth inar leanamar ag díriú go géar ar chearta, leas agus folláine leanaí agus daoine óga.

“I rith an ama seo ag an OOL, chuir mé tús le himscrúduithe a bhain athrú sistéamach amach, cosúil le Cás Molly agus Cás Jack, a dhírigh ar chúram a sholáthar do leanaí faoi mhíchumas; ghlac mé ceannas ar bheartas ar baineadh athrú bríoch amach do leanaí i Soláthar Díreach dá bharr, agus chuireamar ar chumas leanaí agus daoine óga páirt a ghlacadh ina gcearta féin a fheidhmiú. Go deimhin, is é cuid den obair is tábhachtaí a dhéanaimid ardán a sholáthar chun gur féidir éisteacht le glórtha leanaí arb annamh a chloistear iad, chun gur deacra neamhaird a thabhairt orthu agus táim ag tnúth leis an deis chun na glórtha seo a dhéanamh níos glóraí.”

Bunaíodh an OOL in 2004 agus tá dhá phríomhról aige; cearta leanaí a chur chun cinn agus glacadh le gearáin a dhéanann leanaí nó a dhéantar thar ceann leanaí faoi ghníomhartha riaracháin comhlachtaí poiblí.

Ag féachaint chun cinn, dúirt an Dr Muldoon, “Ní coincheap teibí iad Cearta Leanaí agus déanann siad a fheabhas is féidir le leanaí maireachtáil a shainiú. Go bunúsach, nuair a sheastar le cearta leanaí, is féidir leis tionchar dearfach a imirt ar an treo a ghabhann siad ina saol.

Dhaingnigh Éire Coinbhinsiún na Náisiúin Aontaithe um Chearta an Linbh i 1992 agus ba mhaith liom dá gcuirfí bonn reachtaíochta faoi na cearta seo. Dhéanfadh seo rudaí a athrú ó bhonn i measc leanaí in Éirinn agus chabhródh sé le hathrú a dhéanamh ar mhaithe le leas coiteann laistigh de ghlúin.

“Ba mhaith liom súil a chaitheamh freisin ar conas is féidir linn, mar Stát, feabhas a chur ar an gcomhar idir gníomhaireachtaí agus géaga an Stáit, d’imir easnaimh arb eol dúinn gurb ann dóibh tríd an scrúdú agus an t-imscrúdú a rinneamar ar ghearáin, tionchar díobhálach ar leanaí leochaileacha a bhfuil riachtanais chasta acu.

Dúirt an Dr Muldoon, “Cé go bhfuil an-dul chun cinn déanta againn sa tír seo ó thaobh cearta leanaí, bhí an phaindéim dian ar leanaí agus daoine óga agus thug sé chun solais an neamhionannas atá ag dul in olcas atá inár sochaí. Nuair a chuirtear dúshláin agus castachtaí ollmhóra na paindéime domhanda san áireamh, tá sé ríthábhachtach go gcinntímid, mar náisiún, nach bhfuil leanaí agus daoine óga faoi mhíbhuntáiste buan dá bharr, anois agus amach anseo.”

“Táim ag tnúth le leanúint ag oibriú thar ceann leanaí agus daoine óga in Éirinn agus is rímhór an onóir atá orm go bhfuil an deis agam é sin a dhéanamh.”