Skip to main content

Tá tú anseo:

A Piece of my Mind: Aird dírithe ar eispéiris leanaí i suirbhé nua OOL ar mheabhairshláinte

Bhí deacracht ag seisear as deichniúr leanaí a d’fhreastail ar Sheirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS) sa bhliain seo caite maidir le rochtain ar an tseirbhís, agus dúirt beagnach leathchuid acu (42%) nár chuidigh an tseirbhís a fuair siad faoi dheireadh lena gcuid fadhbanna meabhairshláinte. Tá sé sin de réir A Piece of my Mind, tuarascáil nua ar mheabhairshláinte leanaí ó Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) a rinne suirbhé ar 2,166 leanbh 12-17 mbliana d’aois.

As na leanaí a ghlac páirt sa suirbhé ar líne, bhí 6% ag baint úsáid as CAMHS ag an am, agus bhí teacht ag 12% acu ar CAMHS ag am éigin. D’aithin leanaí agaí feithimh fada mar an dúshlán is mó maidir le rochtain a fháil ar CAMHS agus mhothaigh cuid mhaith acu nuair a chonacthas iad, gur theip ar an tseirbhís chun tabhairt faoina gcuid riachtanas.

Go suntasach, deir 78% de na leanaí ar a ndearnadh suirbhé go raibh roinnt deacrachtaí meabhairshláinte acu. Ba iad na cúig chúis is mó le deacrachtaí meabhairshláinte do leanaí ná brú ar scoil (74%), íomhá coirp (65%), cairdeas nó caidrimh (61%), brú ó mheáin shóisialta (48%) agus bulaíocht (47%). Bhí níos mó cailíní ná buachaillí ag streachailt lena meabhairshláinte (55% i gcoinne 44%), agus as an 6% de leanaí neamh-dhénártha a fhéinaithníonn mar eile, dúirt beagnach gach duine acu (94%) go raibh deacrachtaí meabhairshláinte de chineál éigin acu.

Ag trácht ar thorthaí A Piece of my Mind, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, An Dr Niall Muldoon:

“Is cúis mhór imní do OOL meabhairshláinte leanaí agus an riocht atá ar ár Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS).” Inár dtuarascáil a cuireadh faoi bhráid Choiste na NA um Chearta an Linbh anuraidh, tháinig meabhairshláinte chun cinn mar an phríomhbhuncheist agus de thairbhe sin ba mhian linn imscrúdú grinn a dhéanamh ar an gceist le A Piece of my Mind. 

“Ní mór dúinn cuimhneamh gur léir go bhfuil leanaí ag streachailt go mór lena meabhairshláinte nuair a bhíonn orthu dul i muinín CAMHS sa chéad áit. Dá bhrí sin níl sé maith go leor ar chor ar bith go mbíonn ar an oiread sin leanaí fanacht le haghaidh agaí fada chun rochtain a fháil ar sheirbhísí, agus nuair a bhíonn an rochtain sin acu, go mothaíonn siad nach bhfuil caighdeán na seirbhísí sin leordhóthanach.

“Chuir na leanaí ar a ndearnadh suirbhé béim ar an riachtanas go mbeadh tacaíochtaí meabhairshláinte cearta ar fáil dóibh ar scoil. Sin rud a d’éiligh OOL, agus cuirimid fáilte roimh phleananna le déanaí ón Roinn Oideachais maidir le clár píolótach i mbunscoileanna.

 

“Ar an iomlán, is ábhar mór buartha an léiriú a thugann na leanaí sa tuarascáil seo, go háirithe maidir le seirbhísí meabhairshláinte. Agus beagnach 12,000 leanbh ar liostaí feithimh do sheirbhísí síceolaíochta cúraim phríomhúil agus 4,270 acu siúd ag fanacht níos mó ná bliain amháin, is buncheist í nach mór tabhairt fúithi go práinneach.

 

DEIREADH

Tuarascáil iomlán ceangailte

 

Maidir le A Piece of my Mind:

  • Agus í ag obair in éineacht le Red C Research and Marketing dhear OOL suirbhé cainníochtúil ar líne do leanaí 12-17 mbliana d’aois.
  • Cuireadh chun cinn é ar chainéil na meán sóisialta de chuid OOL agus seoladh chuig meánscoileanna é.
  • Sa suirbhé ceistíodh leanaí faoina gcuid fadhbanna meabhairshláinte reatha, cá háit a bhfuair siad a gcuid faisnéise maidir le meabhairshláinte agus iarradh orthu a dtuairimí a thabhairt maidir le seirbhísí meabhairshláinte
  • Chomhlánaigh 2,166 leanbh an suirbhé agus chuir siad ar ais é idir an 23 Samhain agus an 18 Nollaig 2022.
  • Gabhadh aois, inscne agus réigiún sna freagraí sa suirbhé. Bhí na torthaí aoise ualaithe ar aon dul de bheagán le figiúirí Dhaonáireamh 2016 na Príomh-Oifige Staidrimh (CSO).
  • Ba chailíní iad formhór na leanaí a ghlac páirt sa suirbhé (63%).
  • Bhí ionadaíocht measartha cothrom ann thar phróifíl aoise na bhfreagróirí agus tá beagnach 3 as 5 acu ina gcónaí i gceantair uirbeacha.

 

Teagmhálaí Meán:

 

Aoife Carragher
Ceannasaí Cumarsáide
087 148 4173