Skip to main content

Tá tú anseo:

20 bliain i ndiaidh an tSoláthar Dhírigh a thabhairt isteach mar ar réiteach sealadach, tá sé fós ar siúl – an tOmbudsman do Leanaí

“Tugadh isteach an Soláthar Díreach mar bheart éigeandála in 1999 agus 20 bliain ina dhiaidh sin, ní amháin go bhfuil sé fós ar siúl ach tá sé daingnithe anois mar struchtúr buan. Leis an tuarascáil is déanaí ón Ombudsman maidir le córas an tSoláthair Dhírigh, cuirtear béim ar na saincheisteanna céanna atá feicthe againn roimhe seo agus arís, tagann an cheist chun cinn maidir le inbhuanaitheacht na samhla seo” arsa an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon.

“Ba mhaith liom Peter Tyndall agus Oifig an Ombudsman a mholadh as a dtuarascáil chun dáta is déanaí maidir le Córas an tSoláthair Dhírigh a fhoilsiú. Ní dhéanann eagraíocht ar bith eile ach m’Oifig féin agus Oifig an Ombudsman maoirsiú neamhspleách ar chóras an tSoláthair Dhírigh agus mar sin, is maith an rud é go bhfuil na saincheisteanna arna ardú ag na cónaitheoirí  i mbéal an phobail arís.

“Cé go ndéanfaimid gach is féidir linn a dhéanamh chun feasacht a chothú maidir leis na saincheisteanna seo agus feabhas a chur ar dhálaí maireachtála na ndaoine atá ag maireachtáil sa Soláthar Díreach, is é an Rialtas a chaithfidh breithniú a dhéanamh ar thodhchaí fadtéarmach an chórais seo. Agus cothrom 20 bliain den Soláthar Díreach ag druidim linn, tá sé in am anois breithniú a dhéanamh ar bhealaí eile agus deireadh a chur leis an mbeart éigeandála seo.

“Ó bhí 2017 ann, tá gearáin á bhfáil againn ó leanaí atá ag maireachtáil i Soláthar Díreach nó ó dhaoine fásta atá ag déanamh gearán ar a son agus táimid tar éis ceardlanna um fheasacht ar chearta a chur ar siúl in ionaid ar fud na tíre ar fad. I measc na n-ábhar gearáin sin, tá tacaíochtaí airgeadais, cóiríocht, cumarsáid, bainistiú gearán agus bainistiú aistrithe chuig ionaid eile nó chuig cóiríocht níos mó. Mar is eol dúinn ón tuarascáil seo, tagann go leor de na saincheisteanna seo chun cinn i gcás daoine fásta freisin agus níl siad chun imeacht as.

“Leagtar amach i dtuarascáil an Ombudsman an obair atá ar siúl chun feabhas a chur ar limistéir áineasa do leanaí atá ag maireachtáil in Ionaid Soláthar Díreach. Cé go dtugann sé misneach dúinn a fheiceáil go bhfuil breithniú á dhéanamh ar leanaí agus soláthar á dhéanamh dóibh, caithfear a rá go soiléir nach dálaí maireachtála iomchuí iad le haghaidh linbh nó duine óg ar bith.

“Arís, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hOifig an Ombudsman as tuarascáil an lae inniu a fhoilsiú. Tugann sé léargas luachmhar dúinn ar eispéiris na ndaoine atá ag maireachtáil i gCóras an tSoláthair Dhírigh. Ní dhéanann sé an scéal a athrú áfach nach socrú fadtéarmach  iomchuí é an Soláthar Díreach do dhuine ar bith, go speisialta leanaí atá cuid mhór dá n-óige á caitheamh acu ag maireachtáil in institiúid.

CRÍOCH