Tá tú anseo:
1,812 ghearán curtha isteach chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí de réir mar a thiteann Éire chun deiridh maidir le cearta leanaí.
- 16 Bealtaine 2023
- Cineál: Preaseisiúint
Cuireadh 1,812 ghearán isteach chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí in 2022. Nochtar i Falling Behind, Tuarascáil Bhliantúil Oifig an Ombudsman do Leanaí (OOL) do 2022, gurbh é an t-oideachas arís an tsaincheist is mó (30%) faoina ndearnadh gearáin, agus bulaíocht, díbirt nó cur ar fionraí, agus acmhainní don oideachas speisialta san áireamh le cuid mhór de na gearáin.
Tá sé suntasach go dtaispeántar le hobair na hOifige in 2022, i dtaca le go leor saincheisteanna, go bhfuil Éire ag tosú ag titim chun deiridh maidir le cearta leanaí. Léiríodh é sin in dhá thuarascáil mhóra ón OOL a cuireadh faoi bhráid Choiste na NA um Chearta an Linbh (UNCRC) agus ina Bhreithnithe Deiridh ina dhiaidh sin, ina léiríodh imní faoi na nithe a leanas: an caighdeán maireachtála agus fadhbanna maidir le bochtaineacht leanaí, seirbhísí meabhairshláinte do leanaí in Éirinn, easpa áiteanna scoile ionchuimsitheacha do leanaí uile, agus teip ó thaobh an Stáit chun cearta leanaí a chomhtháthú le reachtaíocht.
Tá scéalta ó roinnt de na leanaí i Falling Behind a raibh OOL ag obair leo anuraidh. Tá Aisling* san áireamh leo sin, a d’inis dúinn conas a rinne sí líomhain de mhí-úsáid ghnéasach uirthi in aghaidh scoláire eile ag a meánscoil, ach gur chuir an scoil freagracht uirthise, agus conas a rinne scoláirí eile bulaíocht uirthi as ucht an mhí-úsáid a thuairisciú. Rinne OOL beart ina leith agus faoi dheireadh ghabh an scoil a leithscéal le Aisling agus rinne an Bord Bainistíochta a chuid beartas a nuashonrú.
Cluinimid faoi Chloe* atá 10 mbliana d’aois a d’fhorbair neamhord itheacháin le linn na paindéime agus ba ghá í a bheathú le feadán. Tháinig teaghlach Chloe chuig OOL mar ní raibh siad sásta leis an dóigh a ndearnadh a cás á láimhseáil. Ghabh an FSS a leithscéal le teaghlach Chloe agus mhol OOL athruithe chun an córas a fheabhsú.
Ag trácht ar fhoilsiú Falling Behind, dúirt an tOmbudsman do Leanaí, An Dr Niall Muldoon:
“Ba iad 2022 agus an bhliain 2021 roimhe sin an dá bhliain is gnóthaí do OOL ó bunaíodh ár nOifig. In 2022 fuaireamar beagnach dhá mhíle gearán ar fud réimsí amhail oideachas, sláinte, ceartas agus airgeadas mar aon le gearáin a bhain le Tusla agus le hÚdaráis Áitiúla.
“Tugtar Falling Behind ar ár dTuarascáil Bhliantúil i mbliana mar bhí fonn orainn aird a dhíriú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag Éirinn maidir le cearta leanaí agus de mhí-ádh nílimid ag éirí linn maidir leis sin. Seastar leis sin sa Bhreithnithe Deiridh ó Choiste na NA um Chearta an Linbh.
“Dúirt an Taoiseach gur mian leis go mbeadh Éire ar an tír is fearr san Eoraip le bheith i do leanbh. Má tá sé sin le tarlú ní mór dúinn ar deireadh Coinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh a chorprú sa reachtaíocht - 30 bliain tar éis a dhaingnithe. Chomh maith leis sin ní mór dúinn ár Seirbhísí Meabhairshláinte do Leanaí agus d'Ógánaigh (CAMHS) a athchóiriú ina n-iomláine mar is eol dúinn go bhfuil siad thar a bheith mífheidhmiúil agus go bhfuil ár leanaí is leochailí á ligean síos acu. Ní mór athruithe a dhéanamh freisin chun oideachas ionchuimsitheach a chur ar fáil do leanaí uile in Éirinn.”
Sa tuarascáil Falling Behind sonraítear an teagmháil dhíreach a bhíonn ag OOL le leanaí trínár gceardlanna um chearta leanaí agus mar gheall orthu sin thug 1,000 leanbh cuairt ar an Oifig in 2022, mar aon le himeachtaí do leanaí arna reáchtáil ag an oifig ar fud na tíre. Sa tuarascáil sonraítear na haighneachtaí, na tuarascálacha agus an chomhairle atá á dtairiscint ag OOL maidir le raon de shaincheisteanna lena n-áirítear máthairionadaíocht, áiteanna scoile do leanaí ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais agus cearta leanaí atá ag iarraidh cosanta idirnáisiúnta in Éirinn. Tá rochtain ar an tuarascáil iomlán anseo.
DEIREADH
- 16 Bealtaine 2023
- Cineál: Preaseisiúint