Skip to main content

Tá tú anseo:

Ag feitheamh le Scolóis; Saincheist um chearta leanaí

Sa tuarascáil seo, tá scrúdú déanta againn ar chás leanaí atá ag feitheamh le cóireáil scolóise mar shaincheist um chearta leanaí. Rinneamar an cinneadh chun an tuarascáil seo a ullmhú agus a fhoilsiú chun fíorléargas a chur ar fáil ar a mhéid measa atá á léiriú ar chearta leanaí san earnáil sláinte in Éirinn, ar aon dul le gealltanais an Rialtais ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tugtar sa tuarascáil seo ollbhuarthaí chun solais faoi na sáruithe tromchúiseacha agus leanúnacha ar chearta leanaí atá ag feitheamh le cóireáil scolóise. Ábhar scanrúil atá san fhianaise a thug na leanaí agus na daoine óga faoina n-eispéiris féin agus leagann siad an bhéim ar a thábhachtaí atá sé chun éisteacht lena ndearcthaí. Ní leor éisteacht, áfach. Tá dualgas orainn go léir chun gníomhú agus ar an Rialtas chun dul i ngleic go hiomlán agus go bríoch le gach ceann de na saincheisteanna a tugadh chun solais.