Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht chuig Coiste an Oireachtais um Dhlí agus Cirt agus Comhionannas: Scrúdú a dhéanamh ar Sholáthar Díreach agus an Próiseas Iarratais ar Chosaint Idirnáisiúnta

Thug Coiste an Oireachtais um Dhlí agus Cirt agus Comhionannas (an Coiste) cuireadh do pháirtithe leasmhara agus páirtithe ar spéis leo chun aighneachtaí scríofa a dhéanamh faoi Sholáthar Díreach agus an próiseas iarratais ar chosaint idirnáisiúnta.

I ndiaidh go ndearnadh sainchúram gearán an OOL a shoiléiriú in 2017, bhí ar chumas an OOL glacadh le gearáin a rinne leanaí nó a rinneadh thar ceann leanaí a chónaíonn i Soláthar Díreach ó Aibreán 2017 ar aghaidh.

Is é príomhchuspóir na haighneachta giorra seo chun réimse saincheisteanna a thabhairt ar aird a imríonn tionchar ar leanaí agus daoine óga faoi 18 mbliana d’aois a chónaíonn i Soláthar Díreach a tugadh ar aird an OOL ó Aibreán 2017.

Chuir leanaí agus daoine óga a chónaíonn i Soláthar Díreach agus/nó a dtuismitheoirí/a gcaomhnóirí na saincheisteanna agus na buarthaí a dtugtar cuntas orthu san aighneacht seo ar aird an OOL.