Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht maidir leis na Dréacht-Thosaíochtaí Póilíneachta do 2019

Cuirimid fáilte roimh na Tosaíochtaí Póilíneachta do 2019, lena n-áirítear an fócas ar fhorbairt eagraíochta, ar cháilíocht sonraí, ar chibearchoireacht, ar gháinneáil ar dhaoine, ar chionta gnéis, ar fhoréigean baile, ar íospartaigh leochaileacha, ar choireacht fuatha, ar phóilíneacht phobail agus ar chosc coireachta. Mar atá aibhsithe ag an Údarás Póilíneachta, tá na Tosaíochtaí seo tábhachtach mar go mbíonn tionchar acu ar an bPlean Póilíneachta bliantúil ina leagtar amach na gníomhartha, na tiomantais agus na spriocanna atá le baint amach ag an nGarda Síochána in 2019.

Aithnímid go mbaineann na Tosaíochtaí Póilíneachta le raon iomlán na ngníomhaíochtaí a dhéanann an AGS agus lena rannpháirtíocht le gach duine den phobal. Mar sin féin, i bhfianaise ár bhfeidhm reachtúil chun cearta agus leas leanaí a chur chun cinn go dtí 18 mbliana d'aois, dírítear san aighneacht seo ar dhréacht-Thosaíochtaí Póilíneachta 2019 ar shaincheisteanna a bhaineann go háirithe le rannpháirtíocht leanaí leis an AGS a aibhsiú.