Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht maidir leis an mBille um Fhoréigean Baile 2017

I mí an Mheithimh 2017, chuireamar aighneacht faoi bhráid an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir leis an mBille um Fhoréigean Baile 2017. Inár n-aighneacht, d'fháiltíomar roimh aidhm shonraithe an Bhille seo na cosaintí atá ar fáil d'íospartaigh foréigin teaghlaigh a fheabhsú, chomh maith le forálacha sonracha chun cion coiriúil nua a chruthú de phósadh éigeantais agus an díolúine do phósadh faoi aois a bhaint.

Dhírigh ár n-aighneacht ar an gcaoi a bhféadfaí an reachtaíocht a fheabhsú tuilleadh chun cearta leanaí a fhulaingíonn nó a nochtann foréigean teaghlaigh a chosaint, lena n-áirítear maidir le hiarratais ar orduithe cúirte faoin mBille agus infhaighteacht beart cosanta speisialta. Maidir leis seo, is é ár dtuairim é gur gá leanaí a aithint ní amháin mar 'chleithiúnaithe' an íospartaigh, ach freisin mar shealbhóirí cearta ar féidir leo a bheith ina bhfinnéithe agus ina n-íospartaigh foréigin teaghlaigh araon. Dá méadófaí infheictheacht chomhfhreagrach leanaí sa Bhille neartófaí an reachtaíocht go mór.