Skip to main content

Tá tú anseo:

Ráiteas atá bunaithe ar imscrúdú ar sholáthar ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus FSS ar leanbh i gcúram

I Meán Fómhair 2010, rinneadh gearán leis an oifig seo ó Chaomhnóir
ad litem (CAL) a bhí ag gníomhú thar ceann leanbh scartha, a bhí 13 bliana d’aois, a bhí i gcúram FSS. Rinneadh an gearán seo trí aturnae an CAL agus thacaigh an t-aturnae leis. Is é ról CAL mianta agus dearcthaí an linbh a dheimhniú faoina gcúram, tuairim a chruthú faoin méid a théann chun sárleasa an linbh agus chun tuairisciú a dhéanamh ar an dá rud seo leis na cúirteanna. Ní féidir ach leis na cúirteanna CALanna a cheapadh do leanaí atá i gcúram.

Chuir an CAL Oifig ar an eolas gur fhág a scoil an leanbh as an áireamh go buan i mBealtaine 2008 mar gheall ar shaincheisteanna iompraíochta. Mhol ionadaí dlíthiúil an CAL, ina theannta sin, gur ghá caitheamh leis na saincheisteanna dlíthiúla seo agus an chaoi gur scaradh é óna mháthair agus a shiblíní le déanaí, bás foréigneach teaghlaigh agus cúram neamhleor óna athair á gcur san áireamh. Idir Meitheamh agus Deireadh Fómhair 2009, bhí an leanbh i stát neamh-AE lena athair, ach d’fhill sé mar leanbh scartha i nDeireadh Fómhair 2009. Chuir FSS é i gcúram altrama ina dhiaidh sin.

I ndiaidh gur fhág a scoil as an áireamh é i mBealtaine 2008, níor fhill an leanbh ar oideachas lánaimseartha go dtí Márta 2010 mar gheall nach bhféadfaí teacht ar aon socrúchán scoile dó, in ainneoin go raibh iarratais á ndéanamh ag FSS ar bhreis agus 26 scoil le cúnamh ón CAL agus an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (an BNLO). Rinne an BNLO iarratas ar Theagasc Baile thar a cheann agus sholáthair an Roinn Oideachais agus Scileanna (dá dtagrófar mar ‘an Roinn’ dá éis seo) Teagasc Baile naoi n-uaire an chloig sa tseachtain ar feadh thromlach na tréimhse dá raibh an leanbh as láthair ón scoil.

Maíonn an CAL agus an t-aturnae, in ainneoin na bainte a bhí ag an BNLO agus FSS, gur fhan an leanbh lasmuigh den scoil phríomhshrutha ar feadh beagnach dhá bhliain. Maíonn siad go bhfuil seo mar thoradh ar easpa bainistíochta ar oideachas an linbh ag an Roinn. Maíonn siad go bhfuil an ceart ag an leanbh chun socrúchán scoile a fháil agus gur cheart beartas agus nósanna imeachta a chur i bhfeidhm lena chinntiú nach bhfágtar leanaí gan an soláthar seo.