Skip to main content

Tá tú anseo:

Aighneacht an Ombudsman do Leanaí don Tascfhórsa um Iompar Scoláirí

Cuid lárnach de shaol Leanaí is ea oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil. Aithnítear in Airteagal 42 de Bhunreacht na hÉireann an ceart chun oideachais.

San aighneacht seo, leagaimid béim ar an líon mór dea-chleachtas sa bhaile agus thar lear a bhaineann le drochiompar a shrianadh agus timpeallacht fhabhrach foghlama a chruthú do chách. Is tábhachtach athbhreithniú agus príomhshruthú cuí a dhéanamh ar na samhlacha seo.

Tá príomhról le comhlíonadh ag an tascfhórsa chun athrú atá treoraithe ag luach a chur chun cinn. Príomhlimistéir a bhfuiltear le dul i ngleic leo iad meon agus meonta aigne. Is tábhachtach droim láimhe a thabhairt don mheon “oireann an rud céanna do chách” agus go gcaithimid súil ar chóras oideachais a fhorbairt atá bunaithe ar luach an mheasa, a bhronnann freagracht ar leanaí as a n-oideachas agus a chuireann le neart gach scoláire.