Skip to main content

Tá tú anseo:

Soláthraítear sa tuarascáil seo sonraí faoi chás Molly*

Soláthraítear sa tuarascáil seo sonraí faoi chás Molly*. Bhí Siondróm Down agus uathachas trom ar Molly nuair a rugadh í, agus thréigh a tuismitheoirí fola í nuair a rugadh í. D’fhás sí aníos lena teaghlach altrama i ndiaidh gur cuireadh ansin í nuair a bhí sí ina leanbh. Braitheann Molly ar a cúramóirí altrama i ngach limistéar dá cúram, beathú, dul chuig an leithreas, folcadh agus gléasadh ina measc.

Rinne a cúramóir altrama gearán linn faoin leibhéal tacaíochtaí agus seirbhísí a bhí á soláthar ag Tusla agus FSS chun freastal ar riachtanais Molly agus tacú lena socrúchán.

Chonacthas go raibh easpa comhordú ann idir an dá ghníomhaireacht agus níor leor na seirbhísí agus na tacaíochtaí a sholáthair an dá eagraíocht dá bharr.

 

I ndiaidh ár n-imscrúdú a dhéanamh, gheall Tusla chun tabhairt faoi athbhreithniú sistéamach ar na tacaíochtaí agus seirbhísí atá á gcur ar fáil do leanaí atá faoina gcúram atá faoi mhíchumas idir measartha agus trom. Déanfaidh siad na leanaí seo a chur in iúl do FSS, chomh maith, chun pleanáil cúraim agus comhoibriú a éascú do na leanaí seo.

 

Gheall FSS chun leanaí leochaileacha a thabhairt san áireamh i gcúram an stáit ina dtáscairí feidhmíochta faoi Sheirbhísí Míchumais a Chur chun Cinn, agus lena chinntiú go ndéanann aon nósanna imeachta measúnaithe breithniú ar a leochaileacht shonrach mar leanbh i gcúram.

 

*Athraíodh ainmneacha chun neamhainmníocht a chosaint