Skip to main content

Tá tú anseo:

Imscrúdú i ndáil le cinneadh FSS ar chistiú ar chúnamh le haghaidh cóireála thar lear

In Aibreán 2011, chuir tuismitheoirí gearán faoi bhráid Oifig an Ombudsman do Leanaí thar ceann leanbh 7 mbliana d’aois. Rugadh an leanbh a bhí i gceist le mínormalachtaí géige a ghoill ar a chos dheas agus a sciatháin. Níl sciathán clé ag an leanbh agus tá mínormalachtaí ar a sciathán deas, agus tá riocht air nach bhfásann an féimear ar a chos dheas leis féin. Baineann an fhadhb a bhfuiltear ag dul i ngleic léi faoi láthair dó trí chóireáil sna Stáit Aontaithe lena ghéag dheas íochtarach. Níl bun uachtarach a fhéimir dheis, alt a chromáin aige agus tá a chos an-ghearr. Teastaíonn máinliacht fhairsing athchruthaitheach uaidh ar a chromán agus a chos dheas. Mhínigh na tuismitheoirí, i ngeall nach bhfásann cos dheas a mhic i gceart, is gá máinliacht a dhéanamh air chun a chos a shíneadh, agus deir siad nach féidir tabhairt faoi seo ach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Thug na tuismitheoirí le fios go ndearnadh dhá cheann de na hobráidí siúd ar a mac i SAM in 2006 agus 2009 agus sholáthair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cistiú le haghaidh 70% de na costais a bhain leis na hobráidí agus an turas chuig SAM faoina Scéim Cóireála Thar Lear (SCTL). Íocann árachóir príobháideach sláinte an tuismitheora as costas na n-obráidí agus íocann an t-árachóir as costas na teiripe fisicí, chomh maith, faoi láthair.

Luaigh na tuismitheoirí gur chuir a máinlia ortaipéideach comhairleach ar an eolas iad nach raibh aon chromán ag a mac agus luaigh sé teascadh a dhéanamh air. Cheap na tuismitheoirí, mar gheall nach bhfuil sciathán clé ag an leanbh, ba dheacair air géag phróistéiteach a fheidhmiú. Spreag an comhairleach na tuismitheoirí chun a dtaighde féin a dhéanamh ar fhadú géige a dhéanamh air. Chas agus rinne tuismitheoirí teagmháil le dochtúirí i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Béal Feirste, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis agus Meiriceá. Bhí lianna á lorg acu a mbeadh dóthain taithí acu chun tabhairt faoi fhadú coise dá mac. Nuair a chríochnaigh siad a gcuid taighde, tháinig siad ar bheirt dochtúirí, duine amháin díobh in Baltimore, Maryland, SAM agus dochtúir eile sa Rúis.

I ndiaidh tabhairt faoi réamhscrúdú ar an ngearán seo, rinneadh cinneadh in Iúil 2011 chun leanúint ar aghaidh le himscrúdú. Dhírigh an t-imscrúdú ar ghníomhartha riaracháin FSS i
dtaca le riar iarratas an linbh seo ar chistiú a rinneadh faoin Scéim Cóireála Thar Lear.