Skip to main content

Tá tú anseo:

Imscrúdú ar ghearán a bhaineann le gníomhartha riaracháin FSS chun cinneadh a dhéanamh ar iarratas ar chathaoir rothaí chumhachtaithe a sholáthar

I Márta 2010, chuir Oifig an Ombudsman do Leanaí (an OOL) tús le himscrúdú faoi Alt 8 d’Acht an Ombudsman do Leanaí, 2002 (an tAcht). Bhí an t-imscrúdú bunaithe ar ghearán a fuarthas thar ceann linbh ar chinneadh FSS gan soláthar cathaoir rothaí cumhachtaithe a dheonú.

Chuir tuismitheoirí cailín ceithre bliana d’aois faoi mhíchumas an gearán faoi bhráid Oifig an Ombudsman do Leanaí an 1 Deireadh Fómhair 2009. Tá fadhbanna suntasacha luaile ar an leanbh atá i gceist agus rinneadh diagnóis dá thoradh sin atá comhsheasmhach le Pairilis Cheirbreach. Níl sí in ann an dá chos a úsáid in aon chor, nach mór, níl luas na gcos aici, agus tá fadhbanna uirthi maidir lena géaga uachtaracha agus níl ar chumas aici cathaoir rothaí de láimh a thiomáint/a ionramháil ar feadh aon fhad ama. Ag an tráth a rinneadh gearán, ba é an príomh-mhodh gluaiseachta a bhí aici ná lámhacán/mearphreabadh, nó gluaiseacht le cabhair ó bhugaí speisialaithe. Rinneadh iarratas ar chathaoir rothaí cumhachtaithe le FSS an 15 Bealtaine 2009 agus cuireadh an gearánaí ar an eolas ar an mbeartas gan cathaoireacha rothaí a sholáthar do leanaí faoi aois seacht mbliana d’aois le linn glao gutháin an 23 Iúil 2009.

Rinne na tuismitheoirí gearán i scríbhinn faoi chinneadh FSS an 4 Meán Fómhair agus ina dhiaidh sin, cuireadh foirm ghearáin faoi bhráid an OOL i nDeireadh Fómhair 2009 i ndiaidh go ndearnadh achomharc neamhrathúil ar an gcinneadh le FSS. Thugamar faoi réamhscrúdú ar an ngearán a fuarthas agus, i gcomhréir leis an Acht, dheimhníomar go raibh gá agus údar le himscrúdú. Chuireamar tús le himscrúdú i Márta 2010 trí scríobh chuig FSS agus cuntas a thabhairt ar na buarthaí a eascraíonn as an réamhscrúdú agus sainchúram beartaithe an imscrúdaithe a leagan amach.

Dhírigh an t-imscrúdú ar an bpróiseas agus na nósanna imeachta a d’úsáid FSS sa chéad ásc chun cinneadh a dhéanamh agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas a rinneadh thar ceann an linbh seo.