Skip to main content

Tá tú anseo:

Fíor-shaincheist a mbíonn leanaí thíos leis is ea easpa dídine – an tOmbudsman do Leanaí

Tháinig an tOmbudsman do Leanaí, an Dr Niall Muldoon, os comhair Choiste an Oireachtais um Leanaí agus Gnóthaí Óige inniu (Dé Céadaoin) chun plé a dhéanamh ar thuarascáil an OOL, Níl Aon Tinteán mar do Thinteán Féin (‘No Place Like Home’), agus ar an mbealach a imríonn easpa dídine tionchar ar leanaí.

Ag labhairt dó i ndiaidh dó teacht i láthair an Choiste, dúirt Niall:

“Tháinig mé os comhair Choiste an Oireachtais um Thithíocht an tseachtain seo caite agus plé á dhéanamh agam ar easpa dídine agus tá gliondar croí orm go raibh an deis agam an tseachtain seo chun teacht i láthair an Choiste Leanaí agus Gnóthaí Óige chun an tsaincheist chéanna a phlé.

“Fíor-shaincheist a mbíonn leanaí thíos leis atá in easpa dídine anois. Tá breis agus 3,700 leanbh ina gcónaí i gcóiríocht éigeandála, tá siad i Moil Teaghlaigh, in óstáin agus i gcóiríocht Leaba is Bricfeasta. Níl cás cobhsaí maireachtála ag na leanaí seo agus níl amhras ar bith ann go n-imreoidh an t-eispéireas seo tionchar fadálach ar a bhforbairt agus ar a dtodhchaí amach anseo.

“Ní féidir glacadh leis a thuilleadh go bhfuil ar an Aire Tithíochta agus na húdaráis áitiúla fadhb na heaspa dídine a réiteach. Teastaíonn cur chuige uile-Rialtais chun dul i ngleic le heaspa dídine agus chun tacú le leanaí a bhíonn thíos le heaspa dídine.

“Ag labhairt leis an gCoiste inniu, thug mé cuntas dóibh ar na torthaí ónár dTuarascáil ‘Níl Aon Tinteán mar do Thinteán Féin’ (‘No Place Like Home’), a bhí ina comhairliúchán le leanaí a chónaíonn i Moil Teaghlaigh. D’fhiafraíomar de na leanaí cad ba dhóigh leo a chuir dúshlán rompu agus cad a d’athróidís faoi Mhoil Teaghlaigh.

“Cé gur thug leanaí roinnt rudaí dearfacha faoi deara, an deis chun cairde a dhéanamh ina measc, tugtar chun solais ina gcuntais an tionchar diúltach a imríonn maireachtáil sa saghas seo timpeallachta ar bheatha an teaghlaigh, an easpa príobháideachais, an streachailt chun codladh a fháil, an deacracht chun staidéar a dhéanamh, an easpa deiseanna chun súgradh agus fadhbanna maidir le caidreamh a chothú leis an teaghlach agus le cairde.

“Ar cheann de na gnéithe is buarthaí de na peirspictíochtaí a roinn leanaí ná an bealach gur luaigh siad go léir gur bhraith siad náire go raibh siad gan dídean agus go raibh siad ina gcónaí i Mol Teaghlaigh.

“Ar chinn de na príomhlimistéir atá le hathrú a tugadh chun solais in Níl Aon Tinteán mar do Thinteán Féin, bhí an gá atá le meastóireacht neamhspleách fhoirmiúil a dhéanamh ar oiriúnacht Mhoil Teaghlaigh, impí chun Creat na gCaighdeán Náisiúnta Cáilíochta a chur i bhfeidhm agus an plé a chur chun cinn ar an gCeart Bunreachtúil i leith Tithíochta.

“Tá an-bhuairt orm faoin tionchar láithreach agus níos fadtéarmaí a imríonn tionchar thráma na heaspa dídine ar leanaí – ar a ndínit, féinmheas, folláine agus cearta. Is éard a bhaineann leis an gceart i leith tithíochta ná “an ceart chun cónaí áit éigin go slán, le suaimhneas agus le dínit”. Ceart bunúsach daonna é nach mór dúinn a chinntiú gur féidir le gach leanbh in Éirinn taitneamh a bhaint as.”

CRÍOCH