Skip to main content

Tá tú anseo:

Saoráil Faisnéise in Eirinn

Leag an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 (SF) arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003 an dualgas ar ranna rialtais, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), údaráis áitiúla agus réimse comhlachtaí poiblí eile chun faisnéis a fhoilsiú faoina ngníomhaíochtaí agus chun an fhaisnéis a bhí á coimeád acu, faisnéis phearsanta san áireamh, a chur ar fáil do shaoránaigh.

An 14 Deireadh Fómhair 2014, tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 i bhfeidhm agus rinne sé Achtanna 1997 agus 2003 a aisghairm. Thug an tAcht nua líon athruithe isteach ar an scéim um Shaoráil Faisnéise agus leathnaigh sé an réimse comhlachtaí lena mbaineann an reachtaíocht um shaoráil faisnéise go dtí gach comhlacht poiblí, mura bhfuil siad díolmhaithe go sonrach. Ceadaíonn an tAcht, chomh maith, go bhforordaíonn (nó go n-ainmníonn) an Rialtas comhlachtaí eile a fhaigheann cistí suntasacha poiblí, ionas go mbaineann an reachtaíocht leo chomh maith.