Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle an Ombudsman do Leanaí maidir le Scéim an Bhille um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, 2011

D’fhoilsigh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Cosanta Scéim an Bhille um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin an 27 Iúil 2013. Is é aidhm an Bhille chun éifeacht a thabhairt don mholadh a rinne Comhchoiste an Oireachtais maidir leis an Leasú Bunreachtúil maidir le Leanaí chun reachtaíocht a thabhairt isteach chun an bealach is féidir taifid ciontuithe coiriúla agus faisnéise, faisnéis bhog ina measc, a stóráil agus a nochtadh ag an nGarda Síochána agus gníomhaireachtaí eile ar mhaithe le cosaint leanaí a rialáil agus a rialú.

Tá bearna sa reachtaíocht reatha atá dírithe ar leanaí a chosaint ó dhíobháil, d’ainneoin na hoibre suntasaí agus buntábhachtaí faoinar thug Láraonad Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána (an GCVU) mar gheall nach ann do chreat reachtúil a rialaíonn an ghné seo de chosaint leanaí.

Soláthraíonn aistear an Bhille um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin, 2011 trí Thithe an Oireachtais deis a bhfáiltítear roimpi chun dul i ngleic leis an easnamh seo agus chuir sé córas grinnfhiosrúcháin atá daingean ó thaobh cúrsaí dlí de i bhfeidhm. Agus béim á leagan ar an tábhacht a bhaineann le grinnfhiosrúchán, áfach, níor cheart a ligean i ndearmad gur gné amháin é de chreat um chosaint leanaí níos mó agus nach féidir leis sábháilteacht leanaí atá ina n-aonar a ráthú.