Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle an Ombudsman do Leanaí maidir leis an mBille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint, 2008

Foilsíodh an Bille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint an 24 Eanáir 2008. Is é cuspóir an Bhille chun gnéithe áirithe an dlí a athshonrú agus a bhunathrú a bhaineann leis an Stát á iontráil ag náisiúnaigh choigríche, náisiúnaigh choigríche a bheith sa Stát agus náisiúnaigh choigríche a bhaint ón Stát, iad siúd ina measc óna dteastaíonn cosaint ón riosca i leith díobháil thromchúiseach nó géarleanúna.

Cé go mbaineann roinnt gnéithe dearfacha leis an mBille seo, ba é an t-ábhar buartha ba mhó dúinn nach gcuirtear san áireamh go dóthanach ann leochaileacht leanaí agus an gá chun cúnamh agus cosaint speisialta a sholáthar dóibh. Tá leanaí a lorgaíonn cosaint sa Stát seo – go háirithe leanaí scartha a lorgaíonn tearmann agus íospartaigh linbh na gáinneála – i measc iad siúd is leochailí inár sochaí agus bíonn bacainní iolracha roimh fhíorú a gceart. Ba cheart foráil ghinearálta a chur san áireamh sa Bhille ina dtabharfar an phríomhaird ag gach tráth agus i ngach cinneadh a imríonn tionchar orthu ar shárleasanna leanaí.