Skip to main content

Tá tú anseo:

Comhairle an Ombudsman do Leanaí maidir leis an mBille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016

D’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Scileanna an Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016 an 6 Iúil 2016. Is é aidhm na reachtaíochta agus na rialachán gaolmhar chun creat nua a sholáthar chun beartais iontrála a rialú do gach bunscoil agus iar-bhunscoil.

Cuireann an Oifig fáilte fhairsing roimh an gcaoi go dtéitear i ngleic sa Bhille leis an méid seo a leanas: comhsheasmhacht idir beartais iontrála; trédhearcacht i nósanna imeachta iontrála; cúiseanna a chur in iúl do thuismitheoirí gur diúltaíodh iontráil; toirmeasc ar tháillí iontrála agus rollaithe a ghearradh; agus maoirseacht lárnach a dhéanamh ar chásanna nach féidir le leanaí áit scoile a aimsiú.

Cuirimid fáilte roimh an gcaoi go ndeachthas i ngleic sa Bhille le Cinn Bhille 2013. Tá roinnt buarthaí móra orainn, áfach, maidir leis an mBille, is é sin, maidir le hiontráil fhabhrach ar fhorais chreidimh nó má bhí ceangal le scoil roimhe seo, teagasc reiligiúnach i scoileanna, easpa comhairliúcháin le leanaí agus daoine óga, agus maoirseacht i dtaca le cur i bhfeidhm critéir iontrálacha.